Events-Banner-Image

Event

Bronntanas at SDCC Libraries

Bronntanas at SDCC Libraries

Is ceiliúradh é Bronntanas ar na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh.

Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat chun an bronntanas seo a thabhairt do do pháiste. Is féidir gnáthimeachtaí an tsaoil a iompú ina rudaí draíochtúla – scéalta ag am codlata, comhrá sa chistin, síobanna go cluichí spóirt.
Beidh tusa, do pháiste agus ár dteanga buíoch as an splanc bheag dhraíochta a chuireann tú isteach ina saol.

Taispeánann taighde go dtugann an Ghaeilge buntáistí móra do pháistí: cuimhne níos fearr, níos mó muiníne, agus níos mó deiseanna sa saol. Ach thar aon rud eile, is bronntanas í, rud a roinneann tú le do pháiste, bronntanas a mhaireann go deo. Tapaigh an deis le d’aistear a thosú le Bronntanas, téigh amach sa phobal áitúil agus tosaigh ag cruthú cuimhní trí Ghaeilge.

saassasd

Ainm an Imeachta
Ceantar
Dáta
Am
Cur Síos
Béarla

Inis Scéilín

Story-telling

Leabharlann Bhaile Uí Ruáin

Ballyroan Library

Déardaoin 25ú

11:00AM

Seisiún scéalaíochta suaimhneach le Sadhbh Devlin do thuismitheoirí agus do pháistí óga, ag roinnt scéalta teaghlaigh agus béaloideas trí Ghaeilge. Do pháistí réamh-scoile.

A gentle storytelling session with Sadhbh Devlin for parents and young children, sharing family stories and folklore in Irish. Pre-school/toddlers.

Book here

Scéal agus Spraoi

Stories and Fun

Leabharlann Chluain Dolcáin

Clondalkin Library

Déardaoin 25ú

2pm

Seisiún spraíúil scéalaíochta do pháistí agus a dtuismitheoirí le Sarah Sparkles. Do pháistí réamh-scoile.

A fun storytelling session with Sarah Sparkles for children and their parents. Pre-school/toddlers.

Book here

An Leabharlannaí Craiceáilte

The Crazy Librarian

Leabharlann Thamhlachta

Tallaght Library

Dé Sathairn 27ú

2:00pm

Taibhiú greannmhar idirghníomhach le Seán T. Ó Meallaigh a thugann beocht don leabharlann trí gheamaireacht, spraoi agus teanga bhríomhar. Seó teaghlaigh, 7-12 mbliana d'aois is oiriúnaí ach fáilte roimh shiblíní

A hilarious interactive show with Seán T. Ó Meallaigh, bringing the library to life through panto, fun and lively Irish. . Family show, best suited for 7-12 years old with siblings welcome

Book here

Ceardlann Rince Sean Nóis le Sibéal Davitt

Sean Nós Dancing

Leabharlann Chluain Dolcáin Thuaidh D22 E2Y2

North Clondalkin Library

Dé Sathairn 27ú

2:00PM

Ceardlann spraíúil do pháistí scoile agus a dtuismitheoirí le Sibéal Davitt, ag foghlaim bunghluaiseachtaí agus rithim an tsean nóis i suíomh cairdiúil teaghlaigh.

A lively workshop with Sibéal Davitt where children and their parents learn the basic movements and rhythm of sean nós dancing in a friendly family environment

Book here

Dathaigh le Chéile

Colour together

Leabharlann Leamhcáin

Lucan Library

Dé Sathairn 27ú

10:30AM

Cruthaigh ealaín le do pháiste i gceardlann réidh faoi stiúir Michael Bollard, bunaithe ar nádúr, féiniúlacht agus an Ghaeilge. Deartha go speisialta do pháistí le riachtanais breise. Fáilte roimh shiblíní.

Create art with your child in a gentle, nature and identity-themed workshop led by Michael Bollard. Specially designed for children with additional needs. Siblings welcome.

Book here

Draíocht an Cheoil

The Magic of Music

Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin

Castletymon Library

Dé Sathairn 27ú

11am

Deis do pháistí reámhscoile agus a dtuismitheoirí blaiseadh a fháil de dhraíocht an cheoil le Catherine Dunphy, trí iniúchadh ar uirlisí ceoil, comhaireamh agus rithim.

Get a taste of the magic of music with this introduction to musical instruments with Catherine Dunphy, counting and rhythm for parents and pre-school children.

Book here