Bronntanas at SDCC Libraries
Is ceiliúradh é Bronntanas ar na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh.
Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat chun an bronntanas seo a thabhairt do do pháiste. Is féidir gnáthimeachtaí an tsaoil a iompú ina rudaí draíochtúla – scéalta ag am codlata, comhrá sa chistin, síobanna go cluichí spóirt.
Beidh tusa, do pháiste agus ár dteanga buíoch as an splanc bheag dhraíochta a chuireann tú isteach ina saol.
Taispeánann taighde go dtugann an Ghaeilge buntáistí móra do pháistí: cuimhne níos fearr, níos mó muiníne, agus níos mó deiseanna sa saol. Ach thar aon rud eile, is bronntanas í, rud a roinneann tú le do pháiste, bronntanas a mhaireann go deo. Tapaigh an deis le d’aistear a thosú le Bronntanas, téigh amach sa phobal áitúil agus tosaigh ag cruthú cuimhní trí Ghaeilge.
Ainm an Imeachta | Ceantar | Dáta | Am | Cur Síos | Béarla |
Inis Scéilín Story-telling | Leabharlann Bhaile Uí Ruáin Ballyroan Library | Déardaoin 25ú | 11:00AM | Seisiún scéalaíochta suaimhneach le Sadhbh Devlin do thuismitheoirí agus do pháistí óga, ag roinnt scéalta teaghlaigh agus béaloideas trí Ghaeilge. Do pháistí réamh-scoile. | A gentle storytelling session with Sadhbh Devlin for parents and young children, sharing family stories and folklore in Irish. Pre-school/toddlers. |
Scéal agus Spraoi Stories and Fun | Leabharlann Chluain Dolcáin Clondalkin Library | Déardaoin 25ú | 2pm | Seisiún spraíúil scéalaíochta do pháistí agus a dtuismitheoirí le Sarah Sparkles. Do pháistí réamh-scoile. | A fun storytelling session with Sarah Sparkles for children and their parents. Pre-school/toddlers. |
An Leabharlannaí Craiceáilte The Crazy Librarian | Leabharlann Thamhlachta Tallaght Library | Dé Sathairn 27ú | 2:00pm | Taibhiú greannmhar idirghníomhach le Seán T. Ó Meallaigh a thugann beocht don leabharlann trí gheamaireacht, spraoi agus teanga bhríomhar. Seó teaghlaigh, 7-12 mbliana d'aois is oiriúnaí ach fáilte roimh shiblíní | A hilarious interactive show with Seán T. Ó Meallaigh, bringing the library to life through panto, fun and lively Irish. . Family show, best suited for 7-12 years old with siblings welcome |
Ceardlann Rince Sean Nóis le Sibéal Davitt Sean Nós Dancing | Leabharlann Chluain Dolcáin Thuaidh D22 E2Y2 North Clondalkin Library | Dé Sathairn 27ú | 2:00PM | Ceardlann spraíúil do pháistí scoile agus a dtuismitheoirí le Sibéal Davitt, ag foghlaim bunghluaiseachtaí agus rithim an tsean nóis i suíomh cairdiúil teaghlaigh. | A lively workshop with Sibéal Davitt where children and their parents learn the basic movements and rhythm of sean nós dancing in a friendly family environment |
Dathaigh le Chéile Colour together | Leabharlann Leamhcáin Lucan Library | Dé Sathairn 27ú | 10:30AM | Cruthaigh ealaín le do pháiste i gceardlann réidh faoi stiúir Michael Bollard, bunaithe ar nádúr, féiniúlacht agus an Ghaeilge. Deartha go speisialta do pháistí le riachtanais breise. Fáilte roimh shiblíní. | Create art with your child in a gentle, nature and identity-themed workshop led by Michael Bollard. Specially designed for children with additional needs. Siblings welcome. |
Draíocht an Cheoil The Magic of Music | Leabharlann Chaisleán Thigh Motháin Castletymon Library | Dé Sathairn 27ú | 11am | Deis do pháistí reámhscoile agus a dtuismitheoirí blaiseadh a fháil de dhraíocht an cheoil le Catherine Dunphy, trí iniúchadh ar uirlisí ceoil, comhaireamh agus rithim. | Get a taste of the magic of music with this introduction to musical instruments with Catherine Dunphy, counting and rhythm for parents and pre-school children. |