Round-Tower-Centre-Banner-Image

Tionscnaimh

Gníomhaíocht Laethúil 55+

Gníomhaíocht Laethúil 55+

Chruthaigh Foireann Forbartha Pobail Chomhairle Contae Átha Cliath Theas Gníomhaíocht Laethúil 55+ le cabhrú le daoine níos sine eolas a fháil faoina bhfuil ar siúl ina gceantar gach lá. Tugann Gníomhaíocht 55+ spléachadh do dhaoine níos sine ar chuid de na gníomhaíochtaí agus na grúpaí pobail atá i gCluain Dolcáin, Leamhcán, Baile Phámar, Ráth Fearnáin, Ceantar Tuaithe Átha Cliath Theas, Tamhlacht, Teach Mealóg agus Tír an Iúir.

Tá eolas sa Ghníomhaíocht Laethúil 55+ le saol sásúil gníomhach a thabhairt dóibh siúd atá os cionn 55 bliana d'aois. Tá deiseanna ann le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí ealaíon agus cultúir, in imeachtaí sóisialta, i ngníomhaíochtaí spóirt agus fisiceacha agus eolas faoi na háiteanna ar féidir leat bualadh le daoine cosúil leat féin le haghaidh tae agus comhrá. Tá súil againn go spreagann an fhaisnéis seo daoine atá 55+ lena gcumas iomlán a bhaint amach agus iad ag dul in aois.

55plus_0