Round-Tower-Centre-Banner-Image

Tionscnaimh

Clár Contae Aois-Bháúil

Clár Contae Aois-Bháúil

 AgeFriendly_0

I mí Mheán Fómhair 2011 shínigh Áth Cliath Theas Ráiteas Bhaile Átha Cliath Eagraíocht Sláinte an Domhain ar Chathracha agus Contaetha Aois-Bháúla. Tá Áth Cliath Theas tiomanta do bheith ina Chontae Aois-Bháúil, agus is cuid den tiomantas sin an straitéis seo a fhorbairt.  Tá Áth Cliath Theas rannpháirteach sa Chlár Contae Aois-Bháúil, togra de chuid an Líonra don Aosú Folláin

Is iad seo a leanas cuspóirí Chlár Contae Aois-Bháúil Átha Cliath Theas:

  • Sláinte agus folláine daoine níos sine sa Chontae a fheabhsú
  • Rannpháirtíocht i saol sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha an phobail a mhéadú
  • Comhpháirtíochtaí éifeachtúla idir eagraíochtaí reachtúla, príobháideacha agus deonacha áitiúla a fheabhsú

I mí Eanáir 2012 bunaíodh Comhghuaillíocht Aois-Bháúil an Chontae agus tá an Príomhfheidhmeannach ina chathaoirleach air. Tá ionadaithe ó na gníomhaireachtaí a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine scothaosta áirithe sa Chomhghuaillíocht. Trína mballraíocht sa Chomhghuaillíocht tá na gníomhaireachtaí seo tiomanta don obair i gcomhpháirtíocht chruthaitheach le cáilíocht na beatha a fheabhsú do dhaoine scothaosta in Átha Cliath Theas, agus contae iontach a dhéanamh den chontae seo do dhaoine níos sine.  Is bailiúchán faisnéise í an Straitéis Chontae Aois-Bháúil faoina bhfuil ag tarlú cheana féin le Contae Aois-Bháúil a dhéanamh d'Áth Cliath Theas, chomh maith le pleananna den todhchaí. Cáipéis bheo is ea an straitéis agus déanann an Chomhghuaillíocht uasdátú uirthi go rialta le cinntiú go bhfuil gach tionscadal agus togra nua san áireamh.