Round-Tower-Centre-Banner-Image

School Competitions

School Competitions

Comórtas RELOVE FASHION

 

An dalta Dara Leibhéil tú le spéis san fhaisean nó sa chomhshaol? Tá áthas ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas seoladh RELOVE Fashion a fhógairt - comórtas nua iontach a spreagann daltaí le dearcadh níos doimhne a ghlacadh maidir leis an gcaoi a ndéantar a gcuid éadaí agus a iarrann orthu roghanna athúsáide a fhiosrú, ar nós athchóiriú, deisiú, athruithe agus bail nua a chur air.

Tabharfar cuireadh d'iomaitheoirí freastal ar thaispeántas faisin craoibhe ar an 26 Samhain ag Ionad Rediscovery i mBaile Munna. Freastalóidh iomaitheoirí craoibhe as gach cearn de Chúige Laighin ar an ócáid agus beidh gairmeoirí faisin agus inbhuanaitheachta ann le breith a dhéanamh ar a bhfeisteas agus ar a gcuid scéalchlár.

Conas is féidir liom a bheith páirteach?
  • Céim 1 Léiriú Spéise Ní mór do dhaltaí Foirm Léiriú Spéise a chur faoi bhráid le ríomhphost chuig Ionadaí an Údaráis Áitiúil roimh 5pm ar an 2 Deireadh Fómhair 2020. Íoslódáil foirm léiriú spéise anseo.
  • Céim 2 Sonraí Iarratais Comhlánaigh an Fhoirm Iarratais agus cuir ar ais í chuig Ionadaí an Údaráis Áitiúil roimh 5pm ar an 30 Deireadh Fómhair 2020. Tabhair faoi deara nach mbeidh iarratais bailí ach má chuirtear faoi bhráid iad ar an bhFoirm Iarratais agus gach ceist a fhreagairt. Íoslódáil an Fhoirm Iarratais anseo.
  • Céim 3: Cruthaigh feisteas iontach agus scéalchlár lena mhíniú!

Tá bileog eolais iomlán anseo.

Cuir aon cheist maidir le Relove Fashion chuig an Oifig Feasacht Comhshaoil ag envawareness@sdublincoco.ie nó glaoigh ar (01) 4149000 Ext 4288.

Scoileanna Glasa

Is scéim luach saothair oideachasúil é Clár Scoileanna Glasa An Taisce, nó Eco-Schools mar a thugtar air go hidirnáisiúnta, a chuireann gníomhaíocht fhadtéarmach, scoile iomláin don chomhshaol chun cinn agus a aithníonn í. Más mian leat a bheith leis na 106 scoil a bhfuil Brat Glas acu déan teagmháil leis

  • An Roinn Feasachta Comhshaoil le cur i láthair na Scoileanna Glasa a eagrú  - info@sdublincoco.ie
  • Cláraigh leis An Taisce - foirm thíos
  • Cuir an Seacht gCéim i bhFeidhm
  • Déan iarratas ar Bhrat Glas roimh an 1 Nollaig gach bliain

Lámhleabhar na Scoileanna Glasa Foirm Chlárúcháin na Scoileanna Glasa

Sonraí Teagmhála Scoileanna Glasa An Taisce:- Fón - 01 400 2222 www.greenschoolsireland.org

Pacáiste Oíche Shamhna - "Bíodh Oíche Shamhna Sona"

Is pacáiste saor in aisce é seo a spreagann daoine óga le taitneamh a bhaint as an séasúr saoire seo go sábháilte.

Tá comhairle 'fan slán' sa phacáiste, noda maidir le sábháilteacht pheataí agus gníomhaíochtaí taitneamhacha allamuigh ar féidir le daoine óga a bheith páirteach iontu i dtréimhse na Samhna.

Oíche Shamhna Shona do Chách!

Tionscadal Cultúrtha Taistealaithe Átha Cliath Theas

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag obair i gcomhpháirtíocht le Tionscadal Forbartha Pobail Thaistealaithe Thamhlachta agus Tionscadal Forbartha Pobail Thaistealaithe Chluain Dolcáin le togra nua a rolladh amach le tuiscint níos fearr a chothú idir Taistealaithe agus an pobal socraithe. Tugann Taistealaithe cuairt ar scoileanna i gceantar Átha Cliath Theas agus labhraíonn siad leis na leanaí faoi chultúr na dTaistealaithe in Éirinn an lae inniu.

Más spéis le do scoil a bheith rannpháirteach sa tionscadal seo déan teagmháil le Donna O'Reilly, an tAonad Cuimsiú Sóisialta, donnaoreilly@sdublincoco.ie, 01 414 9270/ 086 185 0656

An Brat Buí - Clár Idirchultúrtha do Scoileanna

 

Is tionscnamh comhionannais agus éagsúlachta é an clár seo do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna a chuireann idirchultúrachas chun cinn agus a thacaíonn leis.  Cuireadh tús leis an gclár i bPobalscoil N. Aodáin, Tamhlacht. Tá sé á sheachadadh ag Gluaiseacht Taistealaithe Éireann

Tá an Clár Brat Buí críochnaithe go rathúil ag Pobalscoil N. Aodáin agus bronnfar a mbrat orthu ag searmanas na ngradam ar an Mháirt 12 Samhain 2013. Beidh an clár á leathnú amach i bPobalscoil Mhóin Seiscinn, Tamhlacht, agus i mBunscoil N. Rónáin, Cluain Dolcáin sa tréimhse 2013/2014.

Más spéis le do scoil a bheith rannpháirteach sa tionscadal seo déan teagmháil le Donna O'Reilly, an tAonad um Chuimsiú Sóisialta, donnaoreilly@sdublincoco.ie, 01 414 9270/086 185 0656