Round-Tower-Centre-Banner-Image

Social Inclusion Celebrations

Ceiliúradh Cuimsiú Sóisialta

Ceiliúradh Cuimsiú Sóisialta

Gach bliain déanann an tAonad um Chuimsiú Sóisialta i gComhairle Contae Átha Cliath Theas óstáil ar Cheiliúradh an Chuimsithe Shóisialta i mí na Samhna. Is é is cuspóir do Cheiliúradh an Chuimsithe Shóisialta i gContae Átha Cliath Theas an obair dhearfa atá á déanamh ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas le heisiamh sóisialta agus bochtaineacht a fhógairt agus a chur chun cinn. Clár imeachtaí is ea é atá eagraithe ag an Aonad um Chuimsiú Sóisialta, An Roinn Seirbhísí Pobail le béim a chur ar ilghnéitheacht agus cruthaitheacht na ndaoine i gContae Átha Cliath Theas. Déanann an tAonad teagmháil le gach cuid den phobal, agus cruthaíonn sé nasc idir a lán daoine agus grúpaí a bhíonn imeallaithe de ghnáth. Deis atá ann do dhaoine scileanna nua a fhoghlaim, smaointe a mhalartú agus a bheith rannpháirteach ina bpobal.

Críochnaíonn an clár imeachtaí le Taispeántas 'Ceiliúradh' in Amharclann na Cathrach, Tamhlacht. Is ócáid thaibhsiúil é 'Ceiliúradh' a chuireann an tallann agus an chruthaitheacht iontach atá i gContae Átha Cliath Theas ar an ardán. Tá iarratais ar fáil ó mhí Lúnasa gach bliain le bheith páirteach sa taispeántas agus molaimid do gach grúpa áitiúil sa Chontae a bheith páirteach.