Environment Banner Image

Pacáistiú

Pacáistiú

Tiomsaíodh na Rialacháin um Bhainistíocht Dramhaíola Pacáistithe in 1997 le cabhrú le hÉirinn spriocanna aisghabhála pacáistithe a bhaint amach mar atá i dTreoir an AE: EU 94/62/EC. Sprioc aisghabhála 60% atá ag Éirinn faoi láthair, le ráta athchúrsála 55% den phacáistiú iomlán a sholáthraítear ar mhargadh na hÉireann (Treoir AE 2004/12/EC). Ní mór na spriocanna seo a bhaint amach faoi 2011. Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú)  2014 (I.R. Uimh 282 de 2014) i bhfeidhm ar an 30 Iúil 2014 agus é d'aidhm acu cabhrú leis na spriocanna seo a bhaint amach agus na rialacháin phacáistithe a bhí ann cheana a chomhdhlúthú.

Oibleagáidí atá ar Gach Táirgeoir Dramhaíola Pacáistithe

Tá oibleagáidí príomha áirithe ar gach táirgeoir dramhaíola pacáistithe maidir le (i) dramhaíl phacáistithe a eascraíonn ar áitreabh an táirgeora féin, (ii) faisnéis ar phacáistiú atá le hathúsáid, (iii) faisnéis i dtaobh meáchan an phacáistithe agus (iv) a n-oibleagáidí maidir le hoibreoirí aisghabhála. Tá sonraí na n-oibleagáidí seo i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (I.R. Uimh 282 de 2014).

Oibleagáidí atá ar Gach Táirgeoir Dramhaíola Pacáistithe

Mórtháirgeoir?

  1. An soláthraíonn do ghnóthas meáchan comhiomlán d'ábhar pacáistithe agus pacáistiú a sháraíonn 10 dtonna i mbliain féilire?

AGUS

  1. An bhfuil láimhdeachas níos mó ná €1 mhilliún ag do ghnóthas?

Mura bhfuil tú cinnte faoin méid ábhar pacáistithe agus pacáistiú atá á chur agat ar mhargadh na hÉireann ní mór duit iniúchadh pacáistithe a dhéanamh.

Oibleagáidí Mórtháirgeoirí

Tá dualgas breise ar mhórtháirgeoirí (.i. cuideachtaí a chuireann níos mó ná 10 dtonna de dhramhaíl phacáistithe ar an margadh agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos mó ná €1 mhilliún acu) faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (I.R. Uimh 282 de 2014).

Tá dhá rogha ag mórtháirgeoirí:

(a) Ballraíocht a ghlacadh in Repak, aon t-aon chomhlacht atá faofa faoi láthair le scéim aisghabhála pacáistithe agus dramhaíl phacáistithe a oibriú.

(b) A bheith i d'fhéin-Chomhlíontóir agus clárú le Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Conas ballraíocht a fháil le Repak:

Ní mór do chuideachtaí táille bliantúil a íoc le ballraíocht a fháil in Repak. Beidh Repak freagrach ansin as gach dramhaíl phacáistithe a bhailiú agus a athchúrsáil, suas chuig céatadán oibleagáidí na mball. Téigh chuig suíomh Repak anseo.

Conas a bheith i d'Fhéin-Chomhlíontóir:

Ní mór do mhórtháirgeoirí féinchomhlíontacha a dhéanamh mar a leanas:

Gach ceann de d'áitribh a chlárú leis an údarás áitiúil go bliantúil.

Táille bliantúil €15.00 an tonna d'ábhair phacáistithe agus de phacáistiú a chuirtear ar mhargadh na hÉireann a íoc (íosmhéid €500, agus uasmhéid €15,000 an t-áitreabh).

Saoráidí iomchuí a chur ar fáil ag gach áitreabh mar ar féidir le haon duine, saor ó mhuirear, pacáistiú den chineál nó den bhranda a sholáthraíonn an mórtháirgeoir sin a bhaint amach, a scaradh agus a thaisceadh.

Fógraí cuí a thaispeáint mar atá imlínithe i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (IR Uimh 282 de 2014)

Tuarascálacha ráithiúla a sholáthar maidir le pacáistiú agus dramhaíl phacáistithe a fuarthas, a soláthraíodh, a glacadh, a bailíodh srl (Íoslódáil tuarascáil ráithiúil thíos).

Tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don údarás Áitiúil.

Cóip de phlean forfheidhmithe a sholáthar don údarás áitiúil le sonraí faoi na céimeanna atá le glacadh le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (IR Uimh 282 de 2014) a chomhlíonadh.

Tuarascálacha ráithiúla/bliantúla/ pleananna forfheidhmithe a chur ar fáil don phobal ar iarratas.

Saoráidí glacadh ar ais a fhógairt i mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair i nuachtán amháin áitiúil nó níos mó.

Ní mór d’fhéin-chomhlíontóirí a iompórtálann agus/nó a phacáileann/líonann pacáistiú 605 ar a laghad a aisghabháil agus 55% ar a laghad de mheáchan comhbhailithe an phacáistithe a sholáthraíonn siad ar an margadh a athchúrsáil.

Níl anseo ach beagán de na príomhoibleagáidí agus ní liosta uileghabhálach é d'oibleagáidí mhórtháirgeora. Molann CCÁCT do gach mórtháirgeoir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (IR Uimh 282 de 2014) a léamh go cúramach.

Forfheidhmiú na Rialachán Pacáistithe:

Déanann foireann Forfheidhmithe na Comhairle cigireachtaí le cinntiú go bhfuil na féin-chomhlíontóirí go léir lán-ghéilliúil do Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (IR Uimh 282 de 2014).

Tá ceann de na ballraíochtaí féin-chomhlíontóirí is mó ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas d'údaráis áitiúla na tíre.

Foirmeacha Féin-Chomhlíonta:

Tá Foirm Chlárúcháin, Foirm Athnuachan Clárúcháin agus Foirm Tuarascála Ráithiúil ar fáil sna Cáipéisí Bainteacha thíos.

TABHAIR FAOI DEARA: Níl sa leathanach gréasáin seo ach treoir. Ní chuireann sé in iúl gur léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht atá ann agus ní ceart a bheith ag brath air dá réir. Molann Comhairle Contae Átha Cliath Theas duit rialacháin (Pacáistiú) an Aontais Eorpaigh 2014 (I.R. 282 de 2014) a léamh ina iomláine.