Environment Banner Image

Feithiclí Deireadh Saoil

Feithiclí Deireadh Ré

Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Feithiclí Deireadh Ré) 2014 (I.R. Uimh. 281 de 2014) i bhfeidhm ar an 30 Iúil 2014. Tugadh isteach na Rialacháin Bainistiú Dramhaíola (Feithiclí Deireadh Ré) in Éirinn i 2006. Cinntíonn na rialacháin seo nuair a dhéantar draimh de charr, go ndéantar an oiread ábhar agus is féidir a aisghabháil agus a athchúrsáil. Déantar é seo ar bhealach nach ndéanann dochar don chomhshaol

Cad is Feithicil Deireadh Ré ann?

De ghnáth, is ionann feithicil deireadh ré agus carr paisinéirí slán nó veain tráchtála éadrom ar mian leis an úinéir cláraithe é a dhiúscairt mar dhramhaíl.

Freagracht an Táirgeora

Ceanglaítear leis na Rialacháin ar tháirgeoirí (i.e. iompórtálaithe agus déantúsóirí feithiclí) ionaid beir leat saor in aisce a ainmniú ar a dtabharfar Saoráidí Cóireála Údaraithe (ATF) áit ar féidir leis an bpobal feithicil deireadh ré a thabhairt le haghaidh cóireála deiridh. Tá oibleagáid ar an bpobal na saoráidí seo a úsáid lena bhfeithiclí a dhiúscairt. Déantar dí-thruailliú agus díchóimeáil ar na feithiclí ar bhealach a sheachnaíonn truailliú comhshaoil agus déantar an chruach, plaisteach gloine, boinn srl a aisghabháil le hathchúrsáil nó le hathúsáid.

Ón 1 Eanáir i leith ní mór d'úinéirí agus oibreoirí ATF deimhniú scriosta a eisiúint d'úinéir cláraithe fheithicil deireadh ré.

Feithiclí Deireadh Ré i gComhairle Contae Átha Cliath Theas

Ní mór do gach Saoráid Cóireála Údaraithe (ATF) i limistéar Chontae Átha Cliath Theas oibriú de réir choinníollacha chead saoráid dramhaíola atá eisithe ag an gComhairle. Má tá feithicil deireadh ré agat ar mian leat í a dhiúscairt, déan teagmháil le déantúsóir an charr le láthair an ATF atá acu a fháil amach.

Tá breis faisnéise i dtaobh na rialachán seo ar fáil ónár Roinn Forfheidhmithe Comhshaoil  ag (01) 4149000

Liosta de Shaoráidí Cóireála Údaraithe i mBaile Átha Cliath Theas:

Cead Uimh

Seoladh

WFP-DS-09-0001-03

Westlink Recovery Services Ltd

An Bhó Dhearg, Bóthar an Náis

Baile Átha Cliath 22

01-4641413

Éag Samh 2019

WFP-DS-11-0013-03

Marie Cullen T/a Greenhills Motor Spares

Mountainview, Bóthar na nGlaschnoc

Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12

01-450 0003

Éag Nol 2021

WFP-DS-12-0005-02

Cullen Car Parts

Bóthar na nGlaschnoc

Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12

Teil: 01-4500172

Éag Nol 2022

WFP-DS-14-0012-02

The Hammond Lane Metal Company Ltd.

Ascaill na Creige

Cluain Dolcáin

Baile Átha Cliath 22

Teil: 01-4576852

Éag Bealtaine 2021

WFP-DS-15-0001-02

MBG Motors Limited t/a German Auto Components

Aonaid 5 & 6 Craftmasters Complex

Eastáit Tionsclaíochta na nGlaschnoc

Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12

Teil: 01-4264444

Éag Ean 2020

WFP-DS-15-0004-02

Anthony Cullen, AAC Modern Car Spares

Mullach an Chnoic

Bóthar na nGlaschnoc

Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12

Teil: 01 4508178

Éag. Fea 2021

 

 

Nuair a fhágann tú feithicil deireadh ré le scrios ag saoráid chóireála údaraithe, ní mór duit cáipéis chlárúcháin na feithicle a thabhairt don ATF. Eiseoidh an ATF cóip den deimhniú scriosta duit ansin le deimhniú go bhfuil an fheithicil scriosta. Coinníonn an ATF cáipéis chlárúcháin na feithicle chomh maith le cóip den scrios ag an saoráid ar feadh tréimhse 7 mbliana, agus tugann fógra don Roinn Iompair gur scriosadh an fheithicil. Má tá iompróir atá ag obair ar son an ATF ag bailiú d'fheithicil deireadh ré, tabhair cáipéis chlárúcháin na feithicle don tiománaí agus déan cinnte go bhfaighidh tú cóip den deimhniú scriosta. Déan cinnte go bhfuil an t-iompróir ábalta cead bailiú feithiclí bailí a thugann cead dóibh feithiclí deireadh ré a bhailiú a thaispeáint duit. Más dóigh leat nach bhfuil cead bailiú feithiclí bailí acu, tóg uimhir chlárúcháin na feithicle agus déan tuairisciú orthu chuig an Roinn Forfheidhmiú Dramhaíola ag 01-4149000.

Is minic a dhéantar feithiclí a bailíodh go mídhleathach a dhumpáil nó a dhó gan diúscairt shábháilte a dhéanamh orthu.

Tá sé in aghaidh an dlí do chuid dramhaíola a thabhairt ar láimh do bhailitheoir neamhúdaraithe. Má bheirtear ar dhuine á dhéanamh sin féadfaidh siad a bheith dlite d'ionchúiseamh faoi Alt 32 den Acht um Bhainistiú Dramhaíola agus féadfar fíneáil suas le €3,000 nó príosúnacht suas le dhá mhí dhéag a ghearradh orthu.