Environment Banner Image

Cead Bailithe Dramhaíola

Ceadanna Dramhaíola

Cead Bailithe Dramhaíola

Cad is cead bailithe dramhaíola ann?

Tá an ceangaltas Cead Bailithe Dramhaíola ann de réir alt 34(1) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú). Tá cead riachtanach do dhuine ar bith a bhailíonn Dramhaíl ar bhonn tráchtála d'fhonn a chinntiú do mbíonn an Dramhaíl bailithe, sórtáilte agus iompartha i gceart. Tháinig na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead bailithe) 2007 (I.R. 820 de 2008) i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh 2008.

Cé a eisíonn ceadanna bailithe?

Tá gach Cead Bailithe Dramhaíola á eisiúint anois ag an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola.

Tá bileoga iarratais agus eolas eile maidir le ceadanna bailithe dramhaíola ar fáil ón Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola:

Fón - (057) 9357428

Ríomhphost: NWCPO@offalycoco.ie

Suíomh Gréasáin: http://www.nwcpo.ie/ nó http://www.offalycoco.ie/

 

Cead Saoráid Dramhaíola agus Teastas Clárúcháin:

Eisíonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas ceadanna dramhaíola agus teastais chlárúcháin maidir le gníomhaíochtaí sonracha dramhaíola nach mbeadh ceadúnú ón EPA uathu mar gheall ar a scála nó a nádúr. Tháinig na Rialacháin leasaithe um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide) 2007 (I.R. 821 de 2007 agus I.R. 86 de 2008) a rialaíonn an cleachtas seo i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh 2008.

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo Foirm Iarratais, Cead Bainistiú Dramhaíola

Tá foirm iarratais le Cead Saoráid Dramhaíola a aistriú ar fáil le híoslódáil anseo Foirm Iarratais, Cead Bainistiú Dramhaola

Is féidir foirm iarratais le Cead Saoráid Dramhaíola a ghéilleadh a íoslódáil anseo

Tá treoir maidir leis an bhfoirm a chomhlánú ar fáil anseo: Lámhleabhar Treorach le haghaidh Cead Saoráid Dramhaíola agus Teastas Clárúcháin

Tugtar liosta de na haicmí gníomhaíochta dramhaíola atá faoi réir ag cead sa tríú sceideal de na rialacháin atá ar fáil anseo Tríú Sceideal Cuid  I.

Tá liosta de na haicmí gníomhaíochta atá faoi réir ag deimhniú clárúcháin anseo Tríú Sceideal Cuid II.

Fógraí samplacha nuachtáin agus láithreáin liostaithe anseo Sampla Fógra Nuachtáin do Chead Saoráide agus Fógra Láithreáin.

Tá bunachar sonraí de gach Cead Bainistiú Dramhaíola atá gníomhach faoi láthair i gContae Átha Cliath Theas á chothabháil ag an Roinn Seirbhísí Comhshaoil. Is féidir Ceadanna Saoráid Dramhaíola Reatha agus Deimhnithe Clárúcháin atá eisithe ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas a fheiceáil ag http://facilityregister.nwcpo.ie/.

Ní mór do shealbhóirí Cead/Deimhniú Tuarascáil Bhliantúil Chomhshaoil a chur faoi bhráid na hOifige Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola roimh an 28 Feabhra gach bliain. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola ag:

Comhairle Contae Uíbh Fháilí

Áras an Chontae

Bóthar an Ráth

An Tulach Mhór

Co. Uíbh Fháilí

Teil: 057 9357428.

Ríomhphost: contactus@nwcpo.ie

Gréasán: http://www.nwcpo.ie/

Clár Saoráidí Dramhaíola na nÚdarás Áitiúil. Tá Clár Saoráidí Dramhaíola na nÚdarás Áitiúla beo anois agus ar fáil ag http://facilityregister.nwcpo.ie/.

Fógraí maidir le hiarratais ar Cheadanna Bailithe Dramhaíola. Tá na fógraí seo ar fáil ag  http://www.nwcpo.ie/ApplicationNotices.aspx

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), Ceadúnú Dramhaíola:

Tá gníomhaíochtaí dramhaíola atá lasmuigh de réimse na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Cead agus Clárú Saoráide) 2007 ceadúnaithe ag an EPA de réir Cuid V den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú).

Le fáil amach an bhfuil deimhniú clárúcháin, cead saoráid dramhaíola nó ceadúnas saoráid dramhaíola ag teastáil le haghaidh gníomhaíochta téigh chuig an roinn 'Ceadúnú agus Ceadú' ar shuíomh gréasáin an EPA  http://www.epa.ie/

Is féidir na rialacháin thuasluaite go léir a íoslódáil ó Shuíomh Gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.