Clár Peile Sóisialta

Is togra comhoibríoch é an Clár Peile Sóisialta le Cathracha Gníomhacha (Active Cities) i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí óige áitiúla ar fud Chontae Bhaile Átha Cliath Theas. Dearadh an clár seo chun bealach réchúiseach, taitneamhach a thabhairt do dhaoine le bheith gníomhach, gan brú an chomórtais nó na feidhmíochta. Díríonn sé ar thimpeallacht spraíúil, ionchuimsitheach, thacúil a chruthú inar féidir le gach duine páirt a ghlacadh, beag beann ar a leibhéal scile.
Tugtar réimse grúpaí pobail áitiúla le chéile sa chlár seo, ina measc sin Connect 4, Ionad Pobail Bhaile Adaim, agus Cross Care Bhaile Uí Rónáin, chun seisi��in pheile shóisialta a sholáthar do dhaoine óga gach seachtain. Freastalaíonn breis is 140 rannpháirtí ar na seisiúin gach seachtain, le thart ar 80 duine óg ag freastal ar an seisiúin i dTamhlacht amháin. Is deis iontach iad na seisiúin seo do dhaoine óga bualadh le cairde nua, feabhas a chur ar a gcorpacmhainn, agus páirt a ghlacadh san aclaíocht i suíomh ísealbhrú.
Mar aon leis na seisiúin sheachtainiúla, tá áthas orainn pleananna a fhógairt do Chomórtas Peile Sóisialta (Social Football Tournament) ag deireadh an tsamhraidh. Tabharfaidh an t-imeacht seo foirne fud fad an chontae le chéile chun dul in iomaíocht i gcomórtas dúshláin, neamhiomaíoch, ag déanamh ceiliúradh ar dhea-thionchar na peile sóisialta agus na rannpháirtíochta pobail. Bealach iontach a bheidh sa chomórtas chun clabhsúr a chur ar an gclár don bhliain, agus beidh deis ag na rannpháirtithe a gcuid scileanna a léiriú, taithí a fháil ar chomrádaíocht na spórt foirne, agus an rud is tábhachtaí, spraoi a bheith acu!
Tá Baile Átha Cliath Theas Gníomhach tiomanta do dheiseanna a thabhairt do dhaoine óga a bheith gníomhach ina bpobail. Leis an gClár Peile Sóisialta, tá sé mar aidhm againn an ghníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn, naisc a thógáil, agus timpeallacht dhearfach a chruthú inar féidir le daoine óga a bheith sláintiúil, gníomhach, agus rannpháirteach. Táimid ag súil le rath agus fás leanúnach an chláir seo a fheiceáil, agus tá fáilte roimh níos mó daoine óga páirt a ghlacadh ann agus sult a bhaint as buntáistí na peile i suíomh sóisialta, réchúiseach.
