News-Banner-Image

News

Rannpháirtíocht Phoiblí: Uiscí Snámha a Shainaithint

08 May 23

Ní mór d’údaráis áitiúla láithreacha oifigiúla snámha a shainaithint ina limistéar gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na láithreacha sin maidir lena sábháilteacht, lena gcáilíocht uisce agus lena leibhéal úsáide.  D’fhonn cabhrú leis an bpróiseas sin, tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ag iarraidh ar dhaoine a bhíonn ag snámh ag tránna, i lochanna nó in aibhneacha a chur in iúl di cé acu ba cheart di na hainmniúcháin reatha uiscí snámha a choinneáil i bhfeidhm nó ainmniúchán oifigiúil nua láthair shnámha a thabhairt do láithreacha a úsáidtear chun críocha snámha go minic agus nach bhfuil sainaitheanta mar láithreacha snámha faoi láthair.

 

Faoin dlí Eorpach agus faoi dhlí na hÉireann, ní mór d’údaráis áitiúla in Éirinn uiscí snámha a shainaithint gach bliain ionas gur féidir faireachán a dhéanamh ar na huiscí sin chun a chinntiú go gcomhlíonann siad dianchaighdeáin mhicribhitheolaíocha cháilíocht uisce. I gcásanna áirithe, is ionann na láithreacha oifigiúla snámha agus láithreacha a gcuireann údaráis áitiúla gardaí tarrthála ar fáil iontu le linn an tsamhraidh.  Ceanglaítear leis na dlíthe sin freisin go n-ullmhóidh an t-údarás áitiúil cur síos nó próifílí mionsonraithe do gach ceann de na láithreacha sainaitheanta uisce snámha ina limistéar. Ní hé amháin go gcuirfidh an t-údarás áitiúil síos sna próifílí sin ar an láthair shnámha lena mbaineann, ach cuirfidh sé síos freisin ar aon limistéir i ndobharcheantar na n-uiscí dromchla a d’fhéadfadh a bheith ina bhfoinse truaillithe. Áirítear leis na próifílí chomh maith measúnacht ar an mbaol truaillithe agus ar an ngníomh a dhéanfaí dá dtiocfadh aon truailliú chun cinn.

Más rud é gur snámhaí rialta thú agus gur mhaith leat cabhrú leis an gComhairle áitiúil a chinneadh cé na láithreacha snámha ba cheart a rangú dá réir, d’fhéadfá cúnamh a thabhairt ach an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • Cén dóigh ar baineadh úsáid as an láthair shnámha go dtí seo;
  • Cá mhéad duine a úsáideann an láthair;
  • Cé na saoráidí atá ar fáil ag an láthair agus cé chomh hinrochtana agus atá an láthair;
  • Aon saincheisteanna sábháilteachta.

Dá mba mhaith leat an trá/an abhainn, etc., is fearr leat a mholadh mar láthair nua uisce snámha nó dá mba mhaith leat trácht a dhéanamh ar láthair reatha, déan teagmháil le communications@sdublincoco.ie

 

Is é an 28/9/2023 an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí chuig Comhairle Contae Átha Cliath Theas.Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le communications@sdublincoco.ie

 

Is féidir féachaint ar thorthaí cháilíocht na n-uiscí snámha agus ar an rangú bliantúil atá déanta orthu ag www.beaches.ie. Tá tuarascáil is déanaí an EPA ar Uiscí Snámha in Éirinn ar fáil anseo: https://www.epa.ie/publications/