Coucnil Banner Image

Seirbhísí do Leanaí

Cosaint Leanaí

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta do chur chuige leanbh-láraithe inár gcuid oibre le leanaí i seachadadh ár seirbhísí agus ár ngníomhaíochtaí. Tá dualgas foriomlán corparáideach ar an gComhairle na leanaí a úsáideann seirbhísí agus gníomhaíochtaí na Comhairle a chosaint.

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta do

· Leas ginearálta, forbairt sláinte agus sábháilteacht leanaí a chur chun cinn.

· Nósanna imeachta sábháilte bainistíochta a chinntiú don bhfoireann agus do na saorálaithe go léir.

· Treoir agus nósanna imeachta a fhorbairt don bhfoireann agus do shaorálaithe a mbeadh cúis réasúnta acu a bheith imníoch faoi leanbh i seirbhísí nó i ngníomhaíochtaí na Comhairle.

· A Chinntiú go gceaptar Oifigigh Teagmhála um Chosaint Leanaí ainmnithe agus go mbeadh siad inrochtana.

· A Chinntiú go mbíonn nósanna imeachta ag an gComhairle le déileáil le líomhaintí mí-úsáide a dhéantar in aghaidh fhostaí nó saorálaí.

· Feasacht a ardú san eagraíocht faoi rioscaí ionchasacha do shábháilteacht agus do leas leanaí.

· Nósanna imeachta a fhorbairt le freagairt do thimpistí agus do ghearáin.

· Nósanna imeachta soiléire a fhorbairt agus a chothabháil le taifid a choimeád.

· A chinntiú go mbíonn Cód Iompair ann do lucht foirne agus do shaorálaithe.

· Beartas comhoibrithe idirghníomhaíochtaí a fhorbairt le Tusla agus gníomhaireachtaí eile atá gafa le cosaint leanaí.

Tá breis faisnéise ar fáil sna híoslódálaithe thíos.