Coucnil Banner Image

Clár S142

Clár S142

Tá na sonraí seo a leanas foilsithe anois ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas ar an suíomh gréasáin:

Clár na n-íocaíochta a rinneadh mar a fhoráiltear san Acht Rialtas Áitiúil 2001 le Comhairleoirí don tréimhse 2014 go 2017 agus Clár na dTaifead Tinrimh Aonair ag Cruinnithe Comhairle do na Comhairleoirí go léir.

Áirítear sonraí mar a leanas sna cláir seo:

· Íocaíocht Ionadaíochta Bliantúil (Tuarastal) atá faoi réir asbhaintí cánach agus reachtúla.

· An Liúntas Bliantúil a bhaineann go príomha le costais a thabhaítear trí fhreastal ar chruinnithe na Comhairle. Tá trí ghné ann: taisteal chuig agus ó chruinnithe, cothú, postas agus costais ilghnéitheacha a thabhaítear ina ról ionadaíochta. Rinneadh foráil sna rialacháin leasaitheacha (S.I. Uimh. 494 de 2017) maidir le liúntas caiteachais dearbháin nua a thabhairt isteach a fhéadfaidh comhaltaí tofa a roghnú in ionad an ráta bliantúil seasta atá ann cheana le haghaidh costais ilghnéitheacha. Tá an méid atá dlite do gach Comhairleoir deimhnithe de réir tairseach tinrimh atá leagtha síos.

· Íocaíochtaí maidir le speansais taistil agus cothaithe a tabhadh trí fhreastal ar chomhdhálacha/seimineáir srl.

Cláir Tinrimh

· Tugtar breac-chuntas iontu seo ar shonraí faoi thaifid tinrimh aonair ag Cruinnithe na Comhairle do na Comhairleoirí go léir.

Nuair atá na sonraí seo á scrúdú is ceart na nithe a leanas a chur san áireamh:

· Liúntas an Mhéara/Leasmhéara: Foráiltear leis Acht Rialtais Áitiúil is féidir le hÚdarás Áitiúil liúntas a íoc le Méara agus Leasmhéara le haghaidh chostais réasúnta le linn a dtéarma in oifig; tá na híocaíochtaí seo faoi réir ag asbhaintí reachtúla. Tabhair faoi deara go síneann téarma an Mhéara agus an Leasmhéara thar dhá bhliain féilire mar go dtoghtar iad ag an gcruinniú bliantúil a thionóltar ag deireadh mhí an Mheithimh gach bliain.

· Tá Liúntas Chathaoirleach an Choiste um Beartas Straitéiseach ann chun na costais go léir a bhaineann leis an bpost a chlúdach, lena n-áirítear cruinnithe den Ghrúpa Beartais Chorparáidigh (Grúpa Straitéiseach Ardleibhéil na Comhairle, atá comhdhéanta den Méara, an Príomhfheidhmeannach agus Cathaoirligh na gCSP a thionóltar 12 uair in aghaidh na bliana ar a laghad), cruinnithe le hOifigigh Údaráis Áitiúil agus/nó cruinnithe le grúpaí seachtracha.