Coucnil Banner Image

Áiteanna Athraithe

Áiteanna Athraithe

Bain úsáid as ár Saoráid Áiteanna Athraithe

Picture1

Cuireann Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas fáilte ó chroí roimh daoine atá faoi mhíchumas agus roimh a gcúntóirí, bualadh isteach agus úsáid a bhaint as an saoráid leithris inár n-oifigí ag Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.  Tá an leithreas Áiteanna Athraithe inrochtana go hiomlán.

Tá níos mó spáis sa saoráid leithris saintógtha seo do dhaoine faoi mhíchumas agus dá gcúntóirí, agus tá an trealamh ceart ann chun go mbeidh ar a gcumas aire a thabhairt don sláinteachas pearsanta, ar a gcompord agus go sábháilte.

Picture2

Tá níos mó i gceist le leithreas Áiteanna Athraithe ná mar a shamhlaítear le gnáthleithreas atá inrochtana ag cathaoireacha rothaí. San áireamh tá teicneolaíocht chuidithe bhreise – ardaitheoir, binse athraithe atá mór go leor do dhaoine fásta agus ar féidir an airde a athrú, agus leithreas leithinseach (a bhfuil dóthain spáis ar an dá thaobh do chúntóirí).

Picture3

Picture4

Eolas Tábhachtach

Tá an leithreas ar bhunurlár Halla an Chontae. Iarraimid ort síniú isteach ag an bhfáiltiú ionas go mbeidh a fhios againn go bhfuil tú san fhoirgneamh.

Tá an barra atá ceangailte leis an ardaitheoir le húsáid le guailleáin, ach tá barra leatóra faoi leith ar fáil ón deasc slándála ionas gur féidir le haon duine a bhfuil guailleán bearrtha acu úsáid a bhaint as ár saoráid.

Gnéithe saoráide

  • Airde inathraithe, binse athraithe do dhaoine fásta
  • Córas ardaitheora trí rian ar an tsíleáil
  • Dóthain spáis do dhuine faoi mhíchumas agus do suas le beirt cúntóirí
  • Leithreas lonnaithe sa lár a bhfuil spás ar an dá thaobh do chúntóirí
  • Sciath phríobháideachais

Tá tuilleadh eolais ar conas an trealamh a úsaid agus ar an tsaoráid le fáil thíos:

Treoirlínte don saoráid Áiteanna Athraithe

Buntreoracha don Ardaitheoir Síleála Maxi Sky 2 – Úsáid

Buntreoracha don Ardaitheoir Síleála Maxi Sky 2 – Feidhmeanna

Tabhair do d’aire, as cúiseanna sábháilteachta, is ar an úsáideoir atá an fhreagracht an guailleán a chur ar fáil.

Uaireanta oscailte:

Tá ár n-uaireanta oscailte le fáil anseo

Teil: 01 414 9000

Ríomhphost: info@sdublincoco.ie

Páirceáil inrochtana:

Tá seacht spás páirceála atá marcáilte mar inrochtana i gcarrchlós Halla an Chontae.

Saoráidí malartacha:

Faoi láthair tá saoráid amháin eile ann de chuid Áiteanna Athraithe i gContae Bhaile Átha Cliath Theas. Tá sí lonnaithe i Leabharlann Chluain Dolcáin Thuaidh. Ina theanna sin, tá saoráid nua á tógáil sa Linn Snámha nua i Leamhcán, agus suiteáilfear saoráid Áiteanna Athraithe i Staid Thamhlachta mar chuid den uasghrádú atá pleanáilte don Staid.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na saoráidí Athraithe, féach leathanach gréasáin Áiteanna Athraithe Éireann.

Seol aiseolas chugainn maidir leis an tsaoráid: info@sdublincoco.ie