Coucnil Banner Image

Maidir Linne

About Us

Maidir Linne

Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas ar an 1 Eanáir 1994 agus bíonn sí ag feidhmiú i gceantar 222.74 ciliméadar cearnach. Tá daonra de 278,767 duine sa chontae, a bhfuil cónaí orthu in 92,363 teaghlach dar le daonáireamh 2016, ardú 5.1 faoin gcéad ar an daonra ón daonáireamh roimhe sin in 2011.

Tá aois mheánach de 35.5 bliana ag na daoine a chónaíonn sa chontae, níos óige ná an meán do Chúige Laighean (36.6), do Chathair Bhaile Átha Cliath (37.4), agus don Stát (37.4), agus tá an dara ráta úinéireacht tí i réigiún Bhaile Átha Cliath ann, ag 68%.

"Ag Seo ár gCúram", "This We Hold In Trust" a deir armas araltach Átha Cliath Theas i nGaeilge agus i mBéarla. Cuimsithe ann tá gnéithe a bhaineann le stair, tíreolas agus bonneagar an lae inniu sa cheantar. Tá Cathair Bhaile Átha Cliath 15km soir ó thuaidh, Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin ó dheas, agus Abhainn na Life ó thuaidh á scaradh ó Fhine Gall agus ó Chontae Chill Dara thiar.

Léarscáil de cheantar riaracháin Chomhairle Contae Átha Cliath Theas

Stair Átha Cliath Theas

Léarscáileanna Stairiúla den cheantar

Scéim Fhoilsitheoireachta

In 2019, shínigh an Chomhairle an Dearbhú um Nuálaíocht sa tSeirbhís Phoiblí. Deir an Dearbhú, nach mór don tSeirbhís Phoiblí in Éirinn a bheith an-nuálaíoch le freastal níos fearr ar na daoine. Déanann an nuálaíocht níos mó ná an eacnamaíocht a thiomáint. Tá sé ar a cumas cuid de na dúshláin is mó atá againn in Éirinn anois agus sa todhchaí a réiteach. Tá ár n-eagraíochtaí tiomanta do na gníomhartha a leanas a dhéanamh le cultúr nuálaíochta a chruthú sa tSeirbhís Phoiblí. Déanfaimid:

1. Breis béime a chur ar an nuálaíocht mar fhreagracht atá ar gach seirbhíseach poiblí;

2. Ár seirbhísigh phoiblí a chumasú, agus tacaíocht agus uirlisí a thabhairt dár seirbhísigh phoiblí le nuálaíocht a dhéanamh ina róil;

3. Comhpháirtíochtaí nua a chothú agus dearcthaí éagsúla a spreagadh i bhfadhbréiteach agus i ndearadh agus i seachadadh ár seirbhísí poiblí;

4. Roghanna iomadúla a ghiniúint le haghaidh fadhbanna reatha agus ionchasacha trí fhiosrú, triail, atriail agus tástáil;

5. Léargais ar ár n-eispéiris, ár gcleachtais is fearr agus ar na ceachtanna atá foghlamtha againn le seirbhísigh phoiblí in Éirinn agus thar lear a sholáthar;

6. Eolas agus sonraí a chomhroinnt le saoránaigh ar bhealach oscailte trédhearcach

Is féidir níos mó a léamh faoin Dearbhú um an tSeirbhís Phoiblí ar an suíomh gréasáin Ár Seirbhís Phoiblí 2020.