News-Banner-Image

Nuacht

Mayor Edge officially launches Seachtain na Gaeilge at County Library

26 Feb 24

Seolann Ardmhéara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus Jim Gavin Seachtain na Gaeilge 2024 go hoifigiúil

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas (CCBÁCT) agus Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas i gcomhpháirtíocht le hÁras Chrónáin Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT) na bliana seo a thabhairt chugat.

 Image1--Mayor-Edge-at-launch-of-SnaGACT

 

Seoladh féile SnaGÁCT go hoifigiúil ar an 23 Feabhra ag Leabharlann an Chontae, Tamhlacht ag Ardmhéara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Alan Edge i gcuideachta Jim Gavin, pátrún féile na bliana seo. Bhí daltaí ann ó bhunscoileanna áitiúla freisin. Beidh an clár ar siúl ón 1 - 17 Márta.

 Image-3---Mayor-Edge-with-staff-from-SDCC-Libraries

Tá a lán imeachtaí a bheidh oiriúnach do gach duine i bhféilire na bliana seo agus a oireann do gach aoisghrúpa, ina measc dhá cheolchoirm speisialta le KILA Dé Sathairn 9 Márta in Áras Chrónáin, ranganna Gaeilge Labhartha i Leabharlanna ar fud an Chontae, Pop – Up Gaeltacht agus tráthnóna Ceoil agus Rince Dé Sathairn 16 Márta in Áras Chrónáin. Beidh seisiúin cheoil thraidisiúnta na hÉireann ann chomh maith, agus ar ndóigh maidineacha caife in áiteanna éagsúla, agus iad ar fad eagraithe ag Leabharlanna Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.

 Image-4---Mayor-Edge-and-Jim-Gavin-with-pupils-from-local-primary-schools

Tá CCBÁCT bródúil a bheith ag tacú le Seachtain na Gaeilge agus tá sí chun tosaigh i gcur chun cinn an fheachtais ‘Gaeilge le Chéile’ trí níos mó deiseanna a chruthú agus daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid agus a labhairt gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat’ agus ‘Slán, agus an téama ‘Gach Lá, Gach Áit le Gach Duine’ á úsáid.

 

 Image-6---Pupils-from-local-primary-schools-receiving-their-goodie-bags

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Ardmhéara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, an Comhairleoir Alan Edge: “Táimid bródúil as tacú leis an bhfeachtas Gaeilge le Chéile trí níos mó deiseanna a chruthú agus a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid gach lá, ag tosú leis na frásaí simplí cosúil le ‘Go raibh maith agat’ agus ’Dia Dhuit’ agus an téama Gach Lá, Gach Áit le Gach Duine á úsáid. Tríd is tríd ba mhaith linn an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo ar bhealach spraíúil, taitneamhach, agus oscailte.”

 Image-5---Entertainment-by-the-Franzini-Brothers-at-Tallaght-Library-

Bhí an-áthas ar Phátrún SnaGÁCT na bliana seo, Jim Gavin, an ócáid a sheoladh in éineacht leis an Ardmhéara Edge agus dúirt sé: “Tá an oiread sin imeachtaí iontacha á n-eagrú ar fud Chontae Átha Cliath Theas i mbliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh leis an bhféilire a chur le chéile. Is deis iontach é dúinn go léir níos mó Gaeilge labhartha a úsáid.”

 Image-6---Pupils-from-local-primary-schools-receiving-their-goodie-bags

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun an bróisiúr a íoslódáil téigh chuig www.sdcc.ie nó www.athcliaththeas.ie.

Mayor of South Dublin County and Jim Gavin officially launch Seachtain na Gaeilge 2024

 

South Dublin County Council (SDCC) and South Dublin Libraries in partnership with Áras Chrónáin are delighted to bring you this year’s Seachtain na Gaeilge Átha Cliath Theas (SnaGÁCT).

SnaGÁCT festival was launched officially on 23 February at County Library, Tallaght by the Mayor of South Dublin County Council, Cllr Alan Edge joined by Jim Gavin, patron of this year’s festival. They were joined by pupils from local primary schools. The programme will run from 1– 17 March.

 

This year’s packed calendar has events for everyone and to suit all ages, including two special gigs with KILA on Saturday 9 March in Áras Chrónáin, Spoken Irish classes in Libraries across the County, Pop – Up Gaeltacht and an evening of Music and Dance on Saturday 16 March in Áras Chrónáin. There will also be traditional Irish music sessions, and of course coffee mornings in various locations, all organised by South Dublin County Council Libraries and Áras Chrónáin, Ionad Cultúir.

 

SDCC is proud to support Seachtain na Gaeilge and is leading the way in promoting the campaign ‘Gaeilge le Chéile’ by creating more opportunities and encouraging people to use and speak Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Slán, and using the theme Everyday, Everywhere with Everyone.

Speaking at the launch, Mayor of South Dublin County Council, Councillor Alan Edge said: “We are proud to support the campaign Gaeilge le Chéile by creating and encouraging more opportunities to use Irish every day, starting with the simple phrases like ‘Go raibh maith agat’ and ‘Dia Dhuit’ and by using the theme Everyday, Everywhere with Everyone. Overall we want to promote Irish as a living language in a fun, enjoyable, and open way.”

 

This year’s Patrúin SnaGÁCT, Jim Gavin, was delighted to launch the event along with Mayor Edge and said: “There are so many wonderful events being organised throughout South Dublin County this year. I would like to thank everyone who helped in putting together the calendar. It is a great opportunity for us all to use more spoken Irish.”

 

For further information and to download the brochure please visit www.sdcc.ie or www.athcliaththeas.ie.

 

-Ends-

Image 1 - Mayor Edge at launch of SnaGÁCT

Image 3 - Mayor Edge with staff from SDCC Libraries, Colm Ward (CE SDCC) Brían Ó Gaibhín (Áras Chrónáin) and Jim Gavin

Image 4 - Mayor Edge and Jim Gavin with pupils from local primary schools

Image 5 - Entertainment by the Franzini Brothers at Tallaght Library

Image 6 - Pupils from local primary schools receiving their goodie bags