Events-Banner-Image

Popular Events

Bronntanas 25-27 Meán Fómhair

Bronntanas 25-27 Meán Fómhair

Bí linn d’imeachtaí spreagúla an fhéile Bronntanas! Féach an clár iomlán anseo.

Join us for the exciting events in Bronntanas festival! See the full programme here.

An Leabharlannaí Craiceáilte Tamhlacht – áirithintí / bookings

Inis Scéilín Baile Uí Ruáin – áirithintí / bookings

Scéal agus Spraoi Cluain Dolcáin – áirithintí / bookings

Dathaigh le Chéile Leamhcán – áirithintí / bookings

Draíocht an Cheoil Caisleán Thigh Motháin – áirithintí / bookings

Ceardlann Rince Cluain Dolcáin Thuaidh – áirithintí/bookings

Is ceiliúradh é Bronntanas ar na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh. Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat chun an bronntanas seo a thabhairt do do pháiste. Is féidir gnáthimeachtaí an tsaoil a iompú ina rudaí draíochtúla – scéalta ag am codlata, comhrá sa chistin, síobanna go cluichí spóirt. Beidh tusa, do pháiste agus ár dteanga buíoch as an splanc bheag dhraíochta a chuireann tú isteach ina saol. Taispeánann taighde go dtugann an Ghaeilge buntáistí móra do pháistí: cuimhne níos fearr, níos mó muiníne, agus níos mó deiseanna sa saol. Ach thar aon rud eile, is bronntanas í, rud a roinneann tú le do pháiste, bronntanas a mhaireann go deo. Tapaigh an deis le d’aistear a thosú le Bronntanas, téigh amach sa phobal áitúil agus tosaigh ag cruthú cuimhní trí Ghaeilge.

TL;DR: Enrich your family’s life with the Irish language and create benefits and connections which last forever. Get out into your local community with Bronntanas and start creating memories and habits as Gaeilge with your family regardless of your level.