Planning Banner Image

Financial Support

Financial Support

Financial Support for Protected Structures and Buildings within Architectural Conservation Areas

BUILT HERITAGE INVESTMENT SCHEME 2025

The Built Heritage Investment Scheme has been revised and has been announced by the Department of Housing, Local Government and Heritage for 2025 applications. 

This announcement is approximately four months earlier than the traditional timeframe and, along with an increase in the value for individual grants that be awarded from €15,000 to €50,000, is one of several changes that have been made to the scheme for 2025 to try to make it more efficient both for applicants and those administering the scheme. All changes are highlighted in the BHIS 2025 Circular.  

The aim of the BHIS is to provide financial assistance to owners in carrying out appropriate conservation works to their historic properties which are Protected Structures and/or located within an Architectural Conservation Area (ACA). This scheme supports the basic principles of good conservation practice focusing on the repair of historic fabric, the use of traditional materials and the sensitive introduction of new elements that do not compromise the significance and functionality of the building. BHIS 2025 will be administered by Irenie McLoughlin, Architectural Conservation Officer of South Dublin County Council on behalf of the Department.

Applications must be made using Form A, please see Guidance booklet and application checklist to assist with completing Form A. 

Applications will be assessed under the following criteria: (a) Significance of the Structure (b) Efficacy of the Works (c) Quality of the Works and (d) Contribution to Public Amenity.  A suitable Method Statement drawn up by a competent conservation professional must be submitted by the applicant and give details of how conservation/repair works will be carried out. Under the BHIS the total value of all public funding provided must not exceed 80% of the total project cost including funding received from other public agencies and government departments.

Details and Application Form can be found on the Councils Websitewww.sdcc.ie. Works approved under this scheme must meet all statutory requirements including the need for planning permission, where appropriate.  Click here for Irish language versions of the BHIS 2025 Circular and Application Form A 

Successful applicants will be notified in January 2025. 

Applications under this fund may be made by email planningdept@SDUBLINCOCO.ie (Subject: Architectural Conservation Grant Scheme) or by post to:

Architectural Conservation Officer, Architectural Conservation Section,   Land-Use Planning and Transportation Department, South Dublin County Council, County Hall, Tallaght, Dublin 24.

Please note that the deadline for submission of completed applications to South Dublin County Council is before 5pm, 27th September 2024.

Late applications will not be accepted

SCÉIM INFHEISTÍOCHTA SAN OIDHREACHT THÓGTHA, 2025

Rinneadh athbhreithniú ar an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha. Tá sé fógartha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta gur féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim don bhliain 2025. 

Tá an fógra seo á dhéanamh timpeall ceithre mhí níos luaithe ná mar a dhéantar de ghnáth é. Ina theannta sin, táthar ag méadú luach na ndeontas aonair is féidir a bhronnadh — ó €15,000 go €50,000. Tá siad sin i measc na n-athruithe a rinneadh ar an scéim don bhliain 2025 ar mhaithe leis an éifeachtúlacht d’iarratasóirí agus dóibh siúd a riarann an scéim. Tarraingítear aird ar an uile athrú i gCiorclán BHIS, 2025. 

Tá sé mar aidhm ag an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha cúnamh airgeadais a thabhairt d’úinéirí chun oibreacha caomhnaithe cuí a dhéanamh ar a réadmhaoine stairiúla ar Struchtúir Chosanta iad agus/nó atá suite i Limistéar Caomhantais Ailtireachta. Tacaíonn an scéim seo le bunphrionsabail an dea-chleachtais caomhnaithe. Dírítear ar an méid seo a leanas: an chreatlach stairiúil a dheisiú; ábhair thraidisiúnta a úsáid; agus gnéithe nua nach mbaineann de thábhacht agus d’fheidhmiúlacht an fhoirgnimh a thabhairt isteach go tuisceanach. Is í Irenie McLoughlin, an tOifigeach um Chaomhnú Ailtireachta i gComhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, a dhéanfaidh an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha, 2025 a riar thar ceann na Roinne.

Caithfear Foirm A a úsáid le haghaidh na n-iarratas. Cabhrófar leat leis an Treoirleabhar agus an seicliosta don iarratas Foirm A a chomhlánú. 

Measúnófar na hiarratais faoi na critéir seo a leanas: Tábhacht an Struchtúir; (b) Éifeachtúlacht na nOibreacha; (c) Caighdeán na nOibreacha; agus (d) An Méid a Chuireann na hOibreacha le Taitneamhacht Phoiblí.  Ní foláir don iarratasóir Ráiteas Modha fóirsteanach, arna chur le chéile ag gairmí caomhnaithe inniúil, a chur isteach. Caithfear sonraí a thabhairt sa Ráiteas Modha faoin tslí a ndéanfar na hoibreacha caomhnaithe/deisiúcháin. Faoin Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha, ní féidir le luach iomlán an mhaoinithe phoiblí ar fad a chuirfear ar fáil a bheith níos má ná 80% de chostas iomlán an tionscadail, lena n-áirítear maoiniú a fhaightear ó ghníomhaireachtaí poiblí eile agus ó ranna Rialtais.

Tá sonraí agus Foirm Iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle,www.sdcc.ie. Níor mhór go gcomhlíonfadh oibreacha a cheadaítear faoin scéim seo an uile cheanglas reachtúil, lena n-áirítear an ceanglas maidir le cead pleanála, nuair is cuí.  Cliceáil anseo faoi choinne leaganacha Gaeilge den Chiorclán agus d’Fhoirm Iarratais A, 2025 

Cuirfear scéala chuig iarratasóirí a n-éireoidh leo i mí Eanáir 2025. 

Féadtar iarratais faoin gciste seo a dhéanamh trí ríomhphost —  planningdept@SDUBLINCOCO.ie   (Ábhar: Scéim Deontais um Chaomhnú Ailtireachta) — nó sa phost:

An tOifigeach um Chaomhnú Ailtireachta, An Rannán um Chaomhnú Ailtireachta,   An Rannóg Talamhúsáide, Pleanála agus Iompair, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.

Tabhair do d’aire gurb é an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas 5 i.n. (ar a dhéanaí), an 27 Meán Fómhair 2024.

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha

Please note that approved BHIS applications will be considered on a case-by-case basis for the application of RCT (Relevant Contracts Tax).  

HISTORIC STRUCTURES FUND (HSF) 2025

After another successful year of completed projects under the Historic Structures Fund (HSF), the Department of Housing. Local Government and Heritage has announced the Historic Structures Fund for 2025.  This will be administered by Irenie McLoughlin, Architectural Conservation Officer, LUPT Dept, South Dublin County Council on behalf of the Department.

The primary focus of the Historic Structures Fund is on caring for and restoring historic structures and buildings for the benefit of communities and the public. 

For 2025, the Historic Structures Fund will offer grants from €50,000 up to €200,000 only, and focus on larger enhancement, refurbishment or reuse projects involving heritage structures, where:

  • A clear community or public benefit has been demonstrated, or
  • A clear residential benefit has been demonstrated (such projects must be advanced through the planning process as necessary)

Applications must include all the required documentation listed below:

  • Completed Application Form A
  • Comprehensive Method Statement for the Works (refer to guidance for further information on the content of a method statement)
  • Application Checklist

Circular HSF/2024 ‘Historic Structures Fund’ sets out the operation of the scheme and includes the relevant application forms.  The Circular should be read carefully.  There is also a specific guidance document to assist applicants in applying under the HSF Scheme (HSF 2024 Guidance Booklet for Applicants). See SDCC Website for further details and application form www.sdcc.ie

Note: Applicants can apply under both the Historic Structures Fund and the Built Heritage Investment Scheme, however applicants cannot avail of funding under both.

Applications under this fund may be made by email planningdept@SDUBLINCOCO.ie (Subject: Architectural Conservation Grant Scheme – HSF25) or by post to: Architectural Conservation Section,   Land-Use Planning and Transportation Department, South Dublin County Council, County Hall, Tallaght, Dublin 24.

Please note that the deadline for submissions for completed applications to South Dublin County Council is before 5pm, 17th January 2025.

Late applications will not be accepted.

CISTE NA STRUCHTÚR STAIRIÚIL (CSS) 2025

D’éirigh go hiontach leis na tionscadail a cuireadh i gcrích i mbliana faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil (CSS) agus d’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Ciste na Struchtúr Stairiúil do 2025.  Is í Irenie McLoughlin, an tOifigeach um Chaomhnú Ailtireachta, Roinn LUPT i gComhairle Contae Átha Cliath Theas, a dhéanfaidh é a riar thar ceann na Roinne.

Príomhaidhm Chiste na Struchtúr Stairiúil is ea aire a thabhairt do struchtúir agus d’fhoirgnimh stairiúla agus iad a athchóiriú ar mhaithe leis an bpobal. 

In 2025, déanfar deontais idir €50,000 agus €200,000 amháin a thairiscint faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil, agus díreofar ar thionscadail níos mó a bhaineann le feabhas, athchóiriú nó athúsáid na struchtúr oidhreachta, sa chás gur:

  • Léiríodh tairbhe shoiléir do phobail nó don phobal i gcoitinne, nó
  • Léiríodh tairbhe shoiléir do mhuintir na háite (ní mór tabhairt faoin bpróiseas pleanála do thionscadail dá leithéid, de réir mar is gá)

Ní mór na doiciméid seo a leanas a chur leis an iarratas:

  • Foirm Iarratais Chomhlánaithe A
  • Ráiteas Cuimsitheach Modha maidir leis na hOibreacha (léigh an treoir chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le hábhar an ráitis mhodha)
  • Seicliosta an Iarratais

In Imlitir CSS/2024 ‘Ciste na Struchtúr Stairiúil’, leagtar amach feidhmiú na scéime agus tá gach foirm iarratais ábhartha le fáil inti.  Ní mór an Imlitir a léamh go cúramach.  Tá doiciméad treorach ar leith chun cabhrú le hiarratasóirí cur isteach ar an Scéim CSS ann chomh maith (Leabhrán Treorach d’Iarratasóirí CSS 2024). Féach Suíomh Gréasáin SDCC chun tuilleadh sonraí agus an fhoirm iarratais a fháil www.sdcc.ie

Nóta: Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar Chiste na Struchtúr Stairiúil agus ar an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha araon, é sin ráite ní féidir le hiarratasóirí leas a bhaint as maoiniú faoin dá cheann.

Féadtar iarratais faoin gciste seo a dhéanamh le ríomhphost — planningdept@SDUBLINCOCO.ie (Ábhar: Scéim Deontais um Chaomhnú Ailtireachta – CSS25) — nó sa phost chuig: An Rannán um Chaomhnú Ailtireachta,   An Rannóg Talamhúsáide, Pleanála agus Iompair, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24.

Tabhair do d’aire gurb é an spriocdháta chun iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig Comhairle Contae Átha Cliath Theas ná roimh 5pm, an 17 Eanáir 2025.

Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha

COMMUNITY MONUMENTS FUND 2025

The Community Monuments Fund was established in 2020 to provide investment in Ireland’s architectural and archaeological heritage.

This funding is prioritised for Local Authorities, State-funded organisations, private owners, custodians and community groups for the care, conservation, maintenance, protection and promotion of Protected Structures with Recorded Monument status & archaeological monuments.

The total funding available nationally for projects under Community Monuments Fund 2025 will be €7.4 million.

The impacts of climate change on our monuments are increasingly evident. With increased weathering and severe climate events, the repair cycle on built heritage is becoming shorter. Increased maintenance and repair are key to building resilience in monuments to enable them to withstand the effects of a changing environment.

The core aims of the Fund are the conservation, maintenance, protection and presentation of built heritage sites & archaeological monuments. It will:

enable conservation works to be carried out on monuments which are deemed to be significant and in need of urgent support;

build resilience in our monuments to enable them to withstand the effects of climate change;

encourage access to monuments and improve their presentation.

Further details can be found on the CMF 2025 Handbook and guidance circular along with relevant application forms as attached below.

Applications under CMF 2025 should be submitted by COB 3rd February 2025 (late applications will not be accepted).

Applications should be submitted by email to planning@sdublincoco.ieSubject: CMF 2025 Application-Architectural Conservation Section or by post:

Architectural Conservation Section

Land Use Planning and Transportation Dept.

South Dublin County Council

County Hall

Tallaght

Dublin 24