Round-Tower-Centre-Banner-Image

Horticultural Programme

An Clár Gairneoireachta

An Clár Gairneoireachta

Clár Gairneoireachta do dhaoine le míchumais i bPáirc Sheáin Bhreathnaigh Tamhlacht.

D'oibrigh Aonad Cuimsiú Sóisialta Átha Cliath Theas agus Roinn na bPáirceanna go dlúth le Seirbhísí Menni i dTamhlacht (atá nasctha le N. Eoin le Dia) le Gairdín Céadfach a chruthú i bPáirc Sheáin Bhreathnaigh. Úsáideann cliaint Seirbhísí Menni (Leanaí agus Aosaigh le Míchumais as Ceantar Thamhlachta den chuid is mó) an gairdín allamuigh le haghaidh teiripe agus teagasc gairneoireachta. Tugann sé deis do dhaoine le míchumais fhisiceacha agus intleachtacha a bheith rannpháirteach i gcruthú agus i gcothabháil gairdín spreagúil amhairc, agus a gcuid torthaí, glasraí agus plandaí féin a fhás.

Tá sonraí breise le fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cuimsiú Sóisialta ag 01 414 9270 nó ar ríomhphost: socialinclusionunit@sdublincoco.ie