Round-Tower-Centre-Banner-Image

Bealtaine Festival

Féile na Bealtaine

Féile na Bealtaine

Baineann mí na Bealtaine le Féile na Bealtaine, le ceiliúradh ar an ealaín agus ar an gcruthaitheacht agus muid ag dul in aois!  Tugann Féile na Bealtaine deis do dhaoine scothaosta sa Chontae tallann nua a fhionnachtain nó bealach nua a fháil le seanchumas a úsáid.  Deis atá ann le cairde nua a dhéanamh agus a bheith páirteach sa phobal.

Eagraíonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas imeachtaí éagsúla gach bliain i rith na míosa le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile agus déantar bróisiúir den chlár imeachtaí leis na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí éagsúla a fhógairt.  Beidh an bróisiúr imeachtaí ar fáil i mí Aibreáin gach bliain.

Más mian leat féin nó le do ghrúpa a bheith rannpháirteach i bhFéile na Bealtaine trí óstáil a dhéanamh ar imeacht/gníomhaíocht do bhaill scothaosta an phobail i rith mí na Bealtaine tá foirmeacha tograí ar fáil ó mhí Feabhra ar aghaidh.  Déan teagmháil leis an Aonad um Chuimsiú Sóisialta ag 01 414 9270 nó ar ríomhphost: socialinclusionunit@sdublincoco.ie. Cuirfear maoiniú ar fáil i leith costas agus tabharfar fógraíocht do gach imeacht ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Átha Cliath Theas, agus i mBróisiúr na Bealtaine.