Coucnil Banner Image

Gairmeacha

Gairmeacha

Folúntais Reatha:

Gliogáil anseo leis na folúntais uile atá againn faoi láthair a fheiceáil ar ár gcóras Ríomhearcaíochta.

Cén fáth obair le Comhairle Contae Átha Cliath Theas?

Déanann Comhairle Contae Átha Cliath Theas iarracht daoine cumasacha díograiseacha a earcú agus a choinneáil, ó chúlraí agus ó thaithí éagsúla, daoine a bheidh bródúil as a gcuid oibre agus a dhéanfaidh difríocht dhearfa do shaol na ndaoine i gContae Átha Cliath Theas.

Agus tú ag obair mar bhall foirne de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas déanfaidh tú do chion ar son fhorbairt an chontae seo mar an áit is fearr is féidir le cónaí, obair nó gnó a dhéanamh ann. Mar bhall foirne, tabharfar deiseanna éagsúla duit plé go dearfa leis na saoránaigh, na gnónna agus na pobail agus tionchar dearfa a imirt ar a saol laethúil.

Is údarás mór uirbeach í Comhairle Contae Átha Cliath Theas a chuireann réimse leathan ilghnéitheach seirbhísí ar fáil do phobail áitiúla. I measc na seirbhísí sin tá tithíocht, bóithre, bealaí siúil agus rothaíochta, aonaid fiontraíochta, páirceanna agus ionaid súgartha, leabharlanna, áiseanna spóirt, ionaid ealaíon, bonneagar pobail, rialú bruscair, agus tacaí airgeadais. Tugaimid tacaíocht don fhorbairt eacnamaíoch agus pobail agus cuirimid ardán ar fáil don daonlathas agus don rannpháirtíocht. Mar bhall foirne, beidh tú i do bhall luachmhar d'fhoireann fhoriomlán na heagraíochta ina bhfuil 1,200 ball foirne. Tá deiseanna gairme den scoth ar fáil i réimse leathan postanna riaracháin, gairmiúla, cruthaitheacha, teicniúla, ceirdeanna agus seirbhísí ginearálta.

Tugtar deiseanna foghlama, forbartha agus fáis d’fhostaithe trí shoghluaisteacht foirne agus forbairt ghairme, clár cuimsitheach oiliúna agus forbartha agus cúnamh airgeadais do bhall foirne atá ag tabhairt faoin mbreisoideachas.

Aithníonn an Chomhairle tábhacht na cothromaíochta idir obair agus saol agus tugann sí tacaíocht do thograí atá báúil don teaghlach ar nós fleisc-ama, postroinnte, saoire máithreachais íoctha (agus saoire atharthachta a tugadh isteach le déanaí) chomh maith le cion flaithiúil saoire bliantúil. Tá áiseanna naíolanna ar an suíomh, chomh maith le bialann fhóirdheonaithe agus saorpháirceáil foirne.

Tugann an Chomhairle tosaíocht d'fholláine na bhfostaithe agus mar sin cuirimid seiceáil sláinte bhliantúil ar fáil in aisce, chomh maith le hionaclú fliú, Seirbhís Leasa Foirne rúnda, agus réimse tograí sláinte agus folláine i rith na bliana. Is féidir le baill foirne dul isteach i gClub Sóisialta na Foirne, sa Chomhar Creidmheasa, sa Chlub

Siúil Sléibhte, sa Líonra Foirne LGBTQ+ agus a bheith páirteach sna himeachtaí sóisialta éagsúla a eagraítear. Tig le baill foirne leas a bhaint chomh maith as scéimeanna sábhála cánacha ar nós rothaíocht chun oibre agus pas taistil Luas.

Tá Beartas Earcaíochta agus Roghnaithe Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Comhad/Comhaid Ghaolmhara