Coucnil Banner Image

Conas Fiosrú/ Gearán a Dhéanamh

Conas Fiosrú nó Gearán a Dhéanamh

Córas Láimhseála Gearán

Fiosróimid gach gearán ar bhealach cothrom neamhchlaonta. Pléifear do ghearán go rúnda agus ní phléifear é ach le foireann ábhartha ar bhonn riachtanas eolais. Má dhéanann tú gearán ní bheimid naimhdeach ná cosantach faoi. Tuigimid gur féidir le gearán plé dearfa cuiditheach a chruthú faoi na seirbhísí a sholáthraímid.

Coinneofar comhaid ghearáin ar leithligh ó aon chomhaid ábhartha i réimsí seirbhíse aonair (mar shampla tithíocht, pleanáil, comhshaol agus mar sin de). Ní bheidh aon tionchar ag gearán a dhéanann tú ar aon phlé eile a bheidh agat leis an gComhairle.

Déanfaimid ár ndícheall do ghearán a réiteach chun do shástachta. Is mian linn foghlaim ónár mbotúin. Tugann an córas láimhseála gearán aiseolas luachmhar dúinn agus cabhraíonn sé linn seirbhís níos fearr a thabhairt amach anseo.

Conas Fiosrú nó Gearán a Dhéanamh

Tá sé d'aidhm againn seirbhís d'ardchaighdeán a thabhairt do gach ball den phobal. Glacaimid leis go mbeidh rudaí mícheart uaireanta agus gur gá go mbeadh a fhios againn nuair nach bhfuil tú sásta lenár seirbhís.

Nuair a deir tú linn cad iad na rudaí a bhfuil tú míshásta fúthu, is féidir linn iarracht a dhéanamh rudaí a chur i gceart. As seo amach, déanfaimid iarracht é a dhéanamh i gceart ón tús.

Glacfaimid go dáiríre le do ghearán agus déileálfaimid le do ghearán go dearfa. Is deis é gach gearán chun ár seirbhísí a fheabhsú.

Cad is gearán ann?

Is gearán é nuair a deir tú linn nach bhfuil tú sásta. Mar shampla:

· Mura seachadtar seirbhís in am,

· Má thugaimid an t-eolas mícheart duit,

· Má fhaigheann tú seirbhís de dhroch-chaighdeán,

· Má tá gearán agat faoi bhall foirne, nó

· Má tá gearán agat faoinár bpolasaí

Ár dTiomantas

Táimid tiomanta do thús áite a thabhairt duit agus seirbhís phoiblí d'ardchaighdeán a sholáthar. Tá déileáil le haon ghearán a bheadh agat san áireamh anseo.

· Déileálfaimid le do ghearán go pras agus go cothrom.

· Inseoimid duit cad atá ag tarlú le do ghearán agus déanfaimid gach is féidir linn le cabhrú leat.

· Coinneofar an fhaisnéis a thugann tú dúinn faoi rún.

· Míneoimid ár gcinneadh.

· Úsáidfimid gearáin leis an gcaoi a soláthraímid seirbhísí a athbhreithniú agus a fheabhsú.

· Má dhéanann tú gearán, ní chuirfidh sé isteach ar do chearta chun seirbhís na comhairle a fháil nó a úsáid.

Conas gearán a dhéanamh

Is féidir gearán a dhéanamh mar a leanas:

· Ár bhfoirm ar líne a chomhlánú

· Le ríomhphost info@sdublincoco.ie

· Glaoch ar 01 4149000 ó 9am go 5pm (Luan go Déardaoin agus 9am - 4.30pm ar an Aoine)

· dul go dtí Ionaid Chúram Custaiméirí go pearsanta ag Halla an Chontae, Tamhlacht nó Lárionad na Cathrach, Cluain Dolcáin

· scríobh chuig: An Roinn um Fheidhmíocht Chorparáideach agus Bainistíocht Athraithe Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Más fearr leat, féadfaidh tú a iarraidh ar dhuine eile, ar chara nó ar ghaol plé linn ar do shon.

Nuair a dhéanann tú gearán, tabhair dúinn do chuid sonraí teagmhála go léir; d'ainm agus do sheoladh, d'uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist má tá ceann agat.

An Nós Imeachta do Ghearáin

Gearán Neamhfhoirmiúil - Céim 1

Déanfaimid iarracht déileáil le do ghearán go neamhfhoirmiúil. Ciallaíonn sé sin gur cheart duit glaoch nó do ghearán a thabhairt chuig an oifig nó an duine a bhí ag déileáil le d'fhiosrú.

Déanfaidh ár bhfoireann a ndícheall le do ghearán a réiteach gan gá le haon rud eile a dhéanamh.

Gearán Foirmiúil - Céim 2

Má labhair tú leis an oifigeach ábhartha faoi do ghearán agus mura raibh siad ábalta rudaí a chur i gceart, nó mura bhfuil tú sásta leis an toradh, is í an chéad chéim eile atá ann ná gearán foirmiúil a dhéanamh. Beidh Bainisteoir na seirbhíse atá i gceist ag déileáil le do ghearán anois.

Déan do ghearán trí fhoirm ar líne a chomhlánú, ríomhphost a chur chuig info@sdublincoco.ie, nó i scríbhinn chuig An Roinn um Fheidhmíocht Chorparáideach agus Bainistíocht Athraithe Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Nuair a dhéanann tú gearán, tabhair dúinn do chuid sonraí teagmhála go léir; d'ainm agus do sheoladh, d'uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist má tá ceann agat.

Beimid i dteagmháil leat laistigh de thrí lá oibre le tabhairt le fios duit go bhfuil do ghearán faighte againn. Tabharfar uimhir thagartha duit agus ainm an té a fhiosróidh do ghearán. Cabhróidh an t-eolas seo leat teagmháil a dhéanamh linn más gá.

Déanfaimid:

· Do ghearán a fhiosrú;

· Aon ghníomh atá riachtanach a dhéanamh; agus

· Déanfaimid teagmháil leat laistigh de 15 lá oibre lenár gcinneadh a mhíniú agus toradh a ghearáin a insint duit.

Má bhíonn níos mó ama de dhíth le do ghearán a fhiosrú, agus nach féidir linn freagra a sheoladh chugat laistigh de 15 lá oibre, scríobhfaimid chugat agus inseoimid duit cathain a bheidh freagra againn duit.

Athbhreithniú Gearáin - Céim 3

Má bhain tú úsáid as an bpróiseas foirmiúil gearáin ag Céim 2 den Nós Imeachta Gearán agus mura bhfuil tú fós sásta leis an toradh, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cúram Custaiméirí maidir leis an tseirbhís a bhfuil gearán agat fúithi. Deimhneoidh an tOifig

ghearán faighte againn. Socróidh an tOifigeach Cúram Custaiméirí ansin go bhféachfaidh ball níos sinsearaí den bhfoireann sa Roinn ábhartha ar do ghearán.

Beimid i dteagmháil leat laistigh de 20 lá oibre le freagra iomlán i scríbhinn.

Oifig an Ombudsman

Má mhothaíonn tú gur caitheadh go míchothrom leat nó mura bhfuil tú sásta lenár gcinneadh faoi do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman. De réir dlí is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi aon cheann dár gníomhartha riaracháin nó ár nósanna imeachta a fhiosrú, chomh maith le moill nó easpa gníomhaíochta i do dhéileálacha linn. Cuireann an tOmbudsman seirbhís réiteach aighnis neamhchlaonta, neamhspleách ar fáil saor in aisce.

Is féidir gearán a dhéanamh i scríbhinn, ar an teileafón, nó trí ghlaoch isteach chuig Oifig an Ombudsman, ríomhphost complaints@ombudsman.ie nó ar an fhoirm ghearáin ar líne.

Ní mór duit gach cáipéis nó comhfhreagras ábhartha a chur ar fáil.

Tá Oifig an Ombudsman in 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773. Bíonn sé ar oscailt ó Luan go hAoine idir 9.15am agus 5.00pm.

Teileafón: 01 639 5600 nó Íosghlao 1-890-223030 (as lasmuigh de cheantar 01); Ríomhphost: info@ombudsman.ie

Tá níos mó sonraí maidir leis Ombudsman Rialtais Áitiúil ar fáil ag: www.ombudsman.ie