Coucnil Banner Image

Polasaí agus Cleachtas Acmhainní Daonna

Beartas agus Cleachtas Acmhainní Daonna

Beartas agus Cleachtas Acmhainní Daonna

Tá sé de bheartas ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas foireann a earcú agus a choinneáil de réir na gcleachtas Acmhainní Daonna is fearr. Ar an gcaoi sin is féidir leis an gComhairle seirbhís éifeachtúil éifeachtach a thabhairt do na saoránaigh.

Tá deiseanna gairme den scoth ar fáil i réimse leathan postanna riaracháin, gairmiúla, cruthaitheacha, teicniúla, ceirdeanna agus seirbhísí ginearálta. Tá na postanna seo scaipthe idir naoi roinn:

· Comhshaol, Uisce agus Athrú Aeráide

· Tithíocht, Sóisialta agus Pobal

· Forbairt Eacnamaíochta, Fiontraíochta agus Turasóireachta

· Talamhúsáid, Pleanáil agus Iompar

· Seirbhísí Ailtireachta

· Feidhmíocht Chorparáideach agus Bainistíocht Athraithe

· Airgeadas

· Teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide

· Dlí Slite Beatha Teicniúla agus neamh-Theicniúla CCÁCT

Tá faisnéis mhion faoinár struchtúr eagrúcháin, á bhfreagrachtaí agus ár dtiomantais ar fáil i bPlean Corparáideach Chomhairle Contae Átha Cliath Theas 2015 – 2019.

Creideann CCÁCT go n-eascraíonn dea-rialachas, feabhas i seachadadh seirbhísí agus timpeallacht dhearfa oibre don bhfoireann as dea-fhorbairt bheartais agus feidhmiú comhleanúnach. Tá foireann chuimsitheach de bheartais foirne laistigh de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ar fáil ar inlíon na foirne. Samplaí dár mbeartais agus dár gcóid Beartas Comhdheiseanna, Beartas Nochtadh Cosanta, Cód Gléasta Foirne, Beartas Dínit san Obair, Cód Iompair, agus Beartas maidir le Daoine Míchumasaithe a Fhostú.

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta do rochtain agus comhionannas do gach ball foirne agus tá Oifigeach Idirghabhála Míchumais, Rochtana agus Comhionannais ceaptha leis sin a chinntiú.

Is muidne chomh maith an chéad Údarás Áitiúil le bheith ina Comhairle Bháúil don Litearthacht. Bhí dhá phríomhchúis againn le glacadh le plean gníomhaíochta “I dTreo Údaráis Áitiúil atá báúil le Litearthacht”, le cinntiú:

· Go dtuigeann daoine a úsáideann ár seirbhísí an chumarsáid a dhéanaimid agus go mbeidh rochtain acu ar ár seirbhísí gan bac na litearthachta; agus

· Chun tacú le baill foirne le haon riachtanas litearthachta a bheadh acu agus iad i mbun a gcuid oibre agus tacú leo chun dul chun cinn a dhéanamh san eagraíocht.

De bhreis ar na teidlíochtaí éagsúla reachtúla atá ar fáil don bhfoireann tá na teidlíochtaí seo a leanas: Saoire Uchtála, Saoire Cúramóra, Force Majeure, Saoire Máithreachais, Saoire Tuismitheoireachta agus Saoire Seirbhíse Giúiré. Tá na sochair seo a leanas ar fáil i gComhairle Contae Átha Cliath Theas:

· Sos Gairme

· Postroinnt

· Fleisc-am

· Saoire Tuismitheora Nua

· Scéim Bliain Oibre níos Giorra

· Scéim VDU (Aonad Fístaispeána)

· Cúnamh Airgid le Ríomhaire Pearsanta a cheannach

· Ticéid Chomaitéara Sábháil Chánach

· Saoire Agallaimh

· Saoire Atruach

· Saoire Scrúdaithe/Staidéir

· Páirceáil ar an Láthair

· Naíolann ar an láthair (Halla an Chontae, Tamhlacht agus Oifigí na Cathrach, Cluain Dolcáin)

· Comhar Creidmheasa Black Raven

· Scéim Rothaíochta chun Oibre

· Ceaintín Foirne (Halla an Chontae)

· Seirbhís Leasa na Foirne

Creidimid gur cheart eolas agus saineolas a chomhroinnt laistigh de CCÁCT agus cuirimid deiseanna éagsúla dá réir sin le bheith páirteach i bhfoirne ildisciplíneacha. I measc na bhfoirne seo tá Líonra Cumarsáide Inmheánach, Foireann

Eagarthóireachta Nuachtlitir na Foirne, Réamhphleanáil do thionscadail agus do phleananna sonracha, Tionscadail Lean Six Sigma agus a lán eile.

Oideachas agus Oiliúint

Ullmhaíonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas Plean Oiliúna agus Forbartha gach bliain. Is í aidhm an Phlean seo tacú le cuspóirí corparáideacha a bhaint amach agus freastal ar riachtanais fhorbartha aonair na foirne. Aithnítear riachtanais oiliúna agus fhorbartha ag trí leibhéal laistigh den eagraíocht - straitéiseach, oibriúcháin agus forbarthach. Bíonn siad faoi threoir ag an gCóras Bainistiú Feidhmíochta agus Forbartha ag gach leibhéal (Plean Foirne Bainistíochta, Pleananna Foirne Forbartha agus Plean Forbartha Pearsanta), leis na scileanna, inniúlachtaí agus eolas atá de dhíth ar an eagraíocht leis na cuspóirí mar atá leagtha amach sa Phlean Corparáideach 2015-2019 agus sa Chlár Athchóirithe Rialtas Áitiúil a bhaint amach.

Aithnítear riachtanais Oiliúna Straitéiseacha/Eagrúcháin: ag an leibhéal seo trí anailís Phlean Corparáideach 2015-2019, Phlean bliantúil na Foirne Bainistíochta, agus cur i gcrích Chreat Inniúlachta do ghráid 6 agus os a chionn.

Aithníonn ranna riachtanais oiliúna Oibriúcháin/Ranna d'fhonn na tosaíochta oiliúna a dheimhniú de réir Pleananna Foirne na ranna.

Déantar Pleananna Forbartha Pearsanta Aonair na foirne a fhorbairt leis an bhfoireann go léir agus aontaítear iad leis na bainisteoirí líne. Áirítear sa PFP na riachtanais chomhaontaithe oiliúna atá riachtanach do gach ball foirne le freastal ar riachtanais a bpoist.

Chomh maith leis na modhanna foghlama grúpa-bhunaithe traidisiúnta úsáidtear foghlaim ar líne agus foghlaim chumaisc le riachtanais oiliúna a áisiú.

Spreagann an Chomhairle foghlaim ar feadh an tsaoil chomh maith agus forbairt na foirne trínár Scéim Chúnaimh. Tugann an Scéim cúnamh do bhaill foirne, cúnamh airgid agus am saor ón obair le saoire staidéir, le tacú le forbairt oideachais agus phearsanta.

Taithí Oibre

Tugann Comhairle Contae Átha Cliath Theas an deis do Dhaltaí Iarbhunscoile, do Mhic Léinn Tríú Leibhéil agus do dhaoine atá cláraithe le Seirbhísí Fostaíochta faoi Thacaíocht taithí oibre a fháil i gCCÁCT.

Taithí Oibre do Mhic Léinn Meánscoile agus Tríú Leibhéil

Tugann CCÁCT an deis do dhaltaí iarbhunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéil taithí oibre gan phá a fháil ar feadh thréimhsí gearra le linn a dtéarma scoile/coláiste. Tá an-éileamh ar an réimse seo agus iarrtar ar mhic léinn/mhúinteoirí dul i dteagmhail leis an eagraíocht chomh luath agus is féidir chun nach mbeidh díomá orthu. Ní mór don scoil/choláiste an fhaisnéis chuí árachais a sholáthar do gach mac léinn agus iad ag cur iarratas isteach.

Má tá cóireáil rochtana uaim don agallamh nó nuair a fhostaítear mé?

Má tá riachtanas rochtana nó tacaíochta agat, inis dúinn roimh ré agus déanfaimid ár ndícheall freastal ar do chuid riachtanas. Tá foirgnimh Chomhairle Contae Átha Cliath Theas inrochtain do dhaoine i gcathaoireachta rotha agus dóibh siúd le laigí gluaiseachta. Tá comharthaíocht treo Braille agus tadhaill ar fáil inár bhfoirgnimh. Tá Luba Ionduchtú Minicíochta Fuaime (AFIL) ann do dhaoine le laige agus tá Seirbhís Cianteangaireachta SLIS ar fáil (ní foláir é a chur in áirithe), i Halla an Chontae agus inár Lárionad Cathrach i gCluain Dolcáin. Tá ár nOifigeach Teagmhála Míchumais, Rochtana agus Comhionannais ar fáil le tacaíocht agus comhairle a thabhairt do lucht foirne faoi mhíchumas nó do mhic léinn atá ar thaithí oibre/faoi oiliúint.

Breis eolais:

· SDCC - Customer Care Online Form

· Acmhainní Daonna - Ríomhphost: recruitment@sdublincoco.ie nó Teileafón: 01 414 9000

· Oifigeach Idirghabhála, Rochtana agus Comhionannais - Ríomhphost: sbonnie@sdublincoco.ie nó Teileafón: 01 414 9041