Coucnil Banner Image

Protected Disclosures Annual Report 2014

Acht um Nochtadh Cosanta

Tháinig an tAcht um Nochtadh Cosanta i bhfeidhm ar an 15 Iúil 2014. Is é aidhm an Achta creat a sholáthar inar féidir le hoibrithe imní a ardú maidir le éagóir a d’fhéadfadh a bheith tuairiscithe dóibh san áit oibre agus iad ar an eolas go bhfuil cosaintí ar fáil dóibh ó aon chineál pionóis as é sin a dhéanamh. Tá Beartas agus Nós Imeachta Eatramhach curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas lena bhfuil sé i gceist cultúr agus timpeallacht oibre a chothú ina spreagtar oibrithe agus a dtacaítear leo tuairiscí a dhéanamh ar an eolas go nglacfar go dáiríre lena n-imní, go bhfiosrófar é nuair is cuí, agus go mbeidh aird ar a rúndacht.

Tugtar sainmhíniú leathan ar éagóiritheoireacht san Acht -

1. go ndearnadh cion, go bhfuil cion á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar cion,

2. gur mhainnigh duine nó́ go bhfuil, nó́ gur dócha go mbeidh, sé́ nó́ sí ag mainneachtain, déanamh de réir aon oibleagáid́ dhlíthiúil, seachas oibleagáid́ dhlíthiúil a eascraíonn faoi chonradh fostaíochta an oibrí nó faoi chonradh eile trína ngeallann an t-oibrí aon obair nó seirbhísí a dhéanamh nó a chomhlíonadh go pearsanta,

3. gur tharla iomrall ceartais nó́ go bhfuil, nó́ gur dócha go mbeidh, iomrall ceartais ag tarlú́,

4. gur cuireadh sláinte nó́ sábháilteacht aon phearsan aonair i mbaol nó́ go bhfuil, nó́ gur dócha go mbeidh, sláinte nó́ sábháilteacht aon phearsan aonair á cur i mbaol,

5. go ndearnadh damáiste don chomhshaol nó́ go bhfuil, nó́ gur dócha go mbeidh, damáiste á dhéanamh don chomhshaol,

6. gur baineadh úsáid neamhdhleathach nó́ úsáid mhíchuí eile as cistí́ nó́ acmhainní́ comhlachta phoiblí́, nó́ as airgead poiblí́ eile nó́ go bhfuil, nó́ gur dócha go mbeidh, úsáid neamhdhleathach nó́ úsáid mhíchuí eile á baint as an gcéanna,

7. go bhfuil gníomh nó neamhghníomh a dhéanann comhlacht poiblí nó a dhéantar thar a cheann leatromach, idirdhealaitheach nó mórfhaillíoch nó́ gur mór-mhíbhainistíocht atá ann, nó́

8. go ndearnadh faisnéis, a bhféadfar aon ní a thagann faoi réim aon cheann de na míreanna sin roimhe seo a léiriú inti, a cheilt nó a scriosadh nó go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, faisnéis den sórt sin á ceilt nó á scriosadh.

Baineann sé seo le hoibrithe uile Chomhairle Contae Átha Cliath Theas lena n-áirítear conraitheoirí, sainchomhairleoirí, foireann áisíonachta, iarfhostaithe agus intéirnigh/daoine faoi oiliúint.

Aibhsítear sa bheartas go bhfuil sé iomchuí imní a ardú má bhíonn sí bunaithe ar thuairim réasúnta is cuma an aithnítear aon éagóirithóireacht dá éis agus cuireann sé treoir ar fáil d'oibrithe faoin gcaoil le himní a ardú.

Tuarascáil Bhliantúil Nochtadh Cosanta 2019

Éilítear faoi alt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 go bhfoilsítear tuarascáil bhliantúil i ndáil le Nochtadh Cosanta a fuarthas. De bhun an riachtanais seo, deimhníonn Comhairle Contae Átha Cliath Theas leis seo nach bhfuarthas aon nochtadh cosanta in 2019.

Oifigeach Ainmnithe le Nochtaithe a Ghlacadh

De réir an Acht um Nochtadh Cosanta 2014, tá Catherina Benson, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Feidhmíocht Chorparáideach agus Bainistiú Athrú, ceaptha ag an gComhairle le nochtaithe cosanta a ghlacadh. Tá sonraí teagmhála an oifigigh ainmnithe ar fáil thíos -

Ríomhphost: cbenson@sdublincoco.ie Post: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, Feidhmíocht Chorparáideach agus Bainistiú Athraithe, Halla an Chontae ,Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24 Fón: 01 4149000 Folíne: 4146

Breis eolais:

Acht Nochtadh Cosanta 2019