Coucnil Banner Image

Plean Gníomhaíochta Seirbhíse do Chustaiméirí

Plean Gníomhaíochta Seirbhísí Custaiméirí agus Cairt Chustaiméirí

Tá an Plean Gníomhaíochta Seirbhísí Custaiméirí agus Cairt Chustaiméirí seo bunaithe ar an bprionsabal seirbhís níos fearr a thabhairt don chustaiméir. Leagtar creat Chomhairle Contae Átha Cliath Theas amach ann chomh maith le hobair na gComhaltaí Tofa agus na foirne. Is é seo Plean na Comhairle le haghaidh caighdeán feabhais sa tseirbhís phoiblí atá tuillte ag ár saoránaigh agus ár gcustaiméirí.

Is í aidhm an Phlean an idirghníomhaíocht idir an Chomhairle agus na daoine a bhfuilimid ag freastal orthu a fheabhsú. Is cuid an-tábhachtach den phróiseas seo an rochtain fheabhsaithe, agus tá sé seo á éascú le feabhsúcháin leanúnacha teicneolaíocha.

Is é an toradh deiridh a theastaíonn a bhaint amach leis na nósanna imeachta agus na tograí atá sa Phlean seo, ár bhfoireann a chumasú agus a spreagadh le feabhas i seachadadh seirbhísí do chustaiméirí a sheachadadh.