Coucnil Banner Image

Deacrachtaí Inrochtaine a Thuairisciú

Deacrachtaí Rochtana a Thuairisciú

Glacann an fhoireann cúram custaiméirí tuairiscí ó bhaill den phobal, agus cuirtear in iúl iad do na ranna ábhartha, ionas gur féidir na fadhbanna a réiteach. Is féidir foirm chúram custaiméirí a chomhlánú ar líne ar an suíomh gréasáin.

Is féidir le baill den phobal a thugann baic ionchasacha ar rochtain, teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Cúram Custaiméirí le tuairisc a thabhairt ag an nasc seo. Má tá an deacracht rochtana ann mar gheall ar fhabht Bóthair nó Casáin déan do thuairisc le Fix Your Street

Nó is féidir leat teachtaireacht SMS a chur le do shonraí teagmhála agus ceist/tuairisc ghearr chuig 51678 (gnáthrátaí teachtaireachtaí téacs i bhfeidhm)

Samplaí de bhaic rochtana:

· Araid rothaí sa bhealach ar chasáin phoiblí;

· saoráidí páirceála poiblí nach féidir a rochtain nó a bhfuil bac orthu;

· Bialanna, siopaí, pubanna srl ag cur troscáin agus comharthaíocht ar chasáin phoiblí;

· Struchtúir shealadacha ar nós fógráin a chuirfeadh isteach ar rochtain do dhuine le laige radhairc nó gluaiseachta.

Nósanna Imeachta do Ghearáin

Is féidir gearáin ghinearálta maidir le rochtain ar fhoirgnimh phoiblí, seirbhísí, faisnéis agus araile a chur ar an gcéad ásc chuig an roinn a sholáthraíonn an tseirbhís, nó chuig an Fhoireann Cúram Custaiméirí, nó chuig Selina Bonnie, (Oifigeach Teagmhála, Rochtana agus Comhionannais). De ghnáth is leor sin le cinntiú gur féidir leis an roinn atá i gceist, nó le Selina, do chuid riachtanas a mheas go mear agus gníomhú le freastal ar do riachtanais shonracha rochtana. Tá an Chomhairle tiomanta d’áit chomh inrochtana agus is féidir a dhéanamh de Chontae Átha Cliath Theas agus de na seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil agus freagróidh sí go pras do thuairiscí maidir le deacrachtaí rochtana.

Má mhothaíonn tú áfach nach bhfuil do chearta á bhfáil agat ón gComhairle de réir an Achta, is féidir leat tuairisciú go díreach chuig an Príomhfheidhmeannach (de réir Alt 38 den Acht Míchumais) nó cúnamh a iarraidh ó Abhcóide Neamhspleách le sin a dhéanamh. Tá dualgas ar an bPríomhfheidhmeannach ansin Oifigeach Fiosrúcháin atá neamhspleách ar an oifig atá freagrach as an tseirbhís atá á fiosrú a cheapadh. Déanann Oifigeach Fiosrúcháin imscrúdú ar do ghearán agus cuireann

sé/sí tuarascáil scríofa ar fáil don Chomhairle agus don té a dhéanann an gearán. Féadfaidh an tuarascáil seo a rá, i dtuairim an Oifigigh Fhiosrúcháin, gur theip ar an gComhairle cloí le forálacha an Achta Míchumais. Leagtar amach ann chomh maith na céimeanna nach mór don Chomhairle a ghlacadh le do riachtanais rochtana a shásamh. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin a rá chomh maith más é a thuairim go bhfuil gearán ‘fánach nó cráiteach’.

Tá mionfhaisnéis faoinár gcóras Cúram Custaiméirí ar fáil ar leathanach 14 den bPlean Gníomhaíochta um Seirbhís Chustaiméirí