Round-Tower-Centre-Banner-Image

Póilíneacht Phobail

Póilíneacht Phobail

Faoin bPóilíneacht Phobail, tugtar freagracht do bhall den Gharda Síochána as ceantar ar leith. Oibríonn sé nó sí in éide agus déanann gach iarracht bualadh le muintir na háite agus caidreamh tairbheach a thógáil leo. Tá trí aidhm shonrach ag an bpóilíneacht phobail:

  1. A nGarda féin a thabhairt do phobal an cheantair, duine ar féidir leo tarlúintí an lae a phlé leis/léi agus caidreamh láidir tacúil phearsanta a thógáil leo.
  2. Cabhrú le háitritheoirí an cheantair coiriúlacht a chosc trí thacú lena n-iarrachtaí le Pobal ar Aire, Faire Comharsanachta agus tograí eile le coiriúlacht a chosc a chur chun cinn.
  3. Obair le gníomhaireachtaí sóisialta eile le cabhrú le coiriúlacht agus loitiméireacht a laghdú. Clúdaítear limistéir mhóra uirbeacha agus a lán limistéar tuaithe le póilíneacht phobail anois.

Is ceart a thabhairt faoi deara cé go bhfuil na Gardaí seo sannta go sonrach do dhualgais phóilíneachta pobail, go bhfuil páirt ag gach Garda maidir le tabhairt faoi fhadhbanna póilíneachta pobail. Is fealsúnacht bhunúsach póilíneachta í an phóilíneacht phobail nach mbaineann le haon aonad amháin.

Déan teagmháil leis an Stáisiún Gardaí áitiúil le labhairt le do Gharda Pobail.