Coucnil Banner Image

Idirchaidreamh do dhaoine faoi mhíchumas

Rochtain Míchumais

Fáilte go leathanaigh Teagmhála/Rochtana Míchumais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.

Táimid tiomanta don chomhionannas, don chuimsiú agus do sheirbhísí a sholáthar a mbeidh rochtain ag an bpobal go léir orthu i gComhairle Contae Átha Cliath Theas. Is féidir agus is ceart do dhaoine faoi mhíchumas a bheith ag súil go mbeidh riachtanais éagsúla iomadúla rochtana curtha san áireamh ag gach roinn nuair a bhíonn áiseanna agus seirbhísí faisnéise á bpleanáil acu.

Táimid tiomanta go mór don rochtain uilíoch. Mar aitheantas don tiomantas leanúnach seo bhronn Kanchi stádas Comhlacht Cumais 02 orainn in 2010. Tugadh Moladh ar Leith do phríomhbhaile an Chontae, Tamhlacht ar son inrochtana ár nÁiseanna agus Seirbhísí Poiblí i nGradaim Rochtana Cathracha an AE in 2013.

Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Viviane Reding, Coimisinéir Ceartais (sa seaicéad glas) agus Leas-Uachtarán Fhóram Míchumais na hEorpa Erzsebet Foldesi leis an leas-Mhéara an Clr Guss O’Connell agus ionadaithe ó Pamplona, Gdynia agus Bilbao (a fuair Moladh ar Leith chomh maith)

Tuigtear dúinn sa Chomhairle fiú nuair a bhíonn gach rud is féidir déanta le seirbhísí inrochtana a chur ar fáil, nach leor é sin le cinntiú go mbeidh rochtain ag gach duine faoi mhíchumas ar ár seirbhísí. Dá bhrí sin

· tá Oifigeach Teagmhála/Rochtana agus Comhionannais againn, agus is féidir le daoine faoi mhíchumas teagmháil a dhéanamh leo má bhíonn tacaí sonracha rochtana de dhíth orthu, nó is féidir leo na fadhbanna a bhíonn acu le seirbhísí a rochtain a chur in iúl dóibh. · Plean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí Cairt agus córas gearáin.

Sna leathanaigh seo tá faisnéis ar fáil maidir leis na forbairtí agus na tograí éagsúla a chabhraíonn le rochtain ar áiseanna agus seirbhísí a fheabhsú sa chontae, mar shampla An tSeachtain Náisiúnta Rochtana, Plean Gníomhaíochta Litearthachta, Físeáin Treoracha Rochtana, Jobot’s Access All Areas, athchúrsáil Inrochtana, Catalóg Staidéir Míchumais agus mar sin de. Tá cuid mhaith de na feabhsúcháin déanta mar gheall ar fhorfheidhmiú Dhearbhú Barcelona agus ar an Acht Míchumais (2005).