Coucnil Banner Image

Foirgnimh an Chomhairle

Foirgnimh na Comhairle

Tá cuid mhaith oibre rochtana curtha i gcrích ó 2005 ar fhoirgnimh éagsúla na Comhairle. Mar shampla:

Halla an Chontae, Tamhlacht: Tá rochtain iomlán do chathaoir rotha i Halla an Chontae. Tá comharthaíocht Braille agus tadhaill ann agus tá lúba ionduchtaithe éisteachta suiteáilte ag gach pointe seirbhíse poiblí. Tá cathaoireacha rotha iompair ar fáil ag trí ionad tábhachtacha ar fud an fhoirgnimh agus tá leithris inrochtana ar fud an fhoirgnimh. Tá dhá chuntar leibhéil íseal ag ionad cúram na gcustaiméirí agus tá inneall Braille agus áis téacs Zoom ar fáil ar an suíomh. Tá gach doras iontrála uathoibríoch. Tá seacht spás páirceála inrochtana ar an suíomh do thiománaithe/paisinéirí faoi mhíchumas.

Oifigí na Cathrach, Cluain Dolcáin: Tá rochtain iomlán do chathaoireacha rotha ag Oifigí na Cathrach. Tá lúba ionduchtaithe éisteachta suiteáilte ag gach pointe seirbhíse poiblí agus tá cathaoir rotha iompair ar fáil ón gcuntar fáilte. Tá gach doras iontrála uathoibríoch agus tá dhá ionad páirceála inrochtana ar fáil do thiománaithe/paisinéirí faoi mhíchumas.

Líonra Leabharlanna Átha Cliath Theas: Tá rochtain do chathaoireacha rotha ag gach leabharlann de chuid Átha Cliath Theas agus tá lúba ionduchtaithe éisteachta suiteáilte iontu chomh maith le comharthaíocht Braille agus tadhaill le bealach a aimsiú. Tá breis eolais faoi na háiseanna seo ar fáil ag www.southdublinlibraries.ie