Round-Tower-Centre-Banner-Image

Flavours of South Dublin

Blas Átha Cliath Theas

Blas Átha Cliath Theas

Eagraítear Blas Átha Cliath Theas agus Féile Spraoi an Teaghlaigh i bPáirc Chaisleán Ráth Fearnáin ar an dara Domhnach deireanach de Mheitheamh. Féile eisceachtúil bia agus teaghlaigh is ea é a chuireann béim ar an mbia is fearr sa dúiche, le haird ar leith ar ilghnéitheacht agus beocht chultúr an bhia sa chontae. Cuireann an pobal áitiúil agus na grúpaí inimirceach a n-oidhreacht agus a gcultúr ar taispeáint i limistéar dílsithe cultúir. Tá an fhéile saor in aisce le freastal uirthi agus is iontach an lá amach é don teaghlach go léir.

Tugtar spreagadh do chuairteoirí agus do mhuintir na háite teacht agus triail a bhaint as cócaireacht 'gourmet' agus blasanna aoibhne agus na stainníní éagsúla cultúrtha a fheiceáil.  Bíonn blasanna as ceithre hairde an domhain ann, ó chócaireacht traidisiúnta na hÉireann go miasa Áiseacha den scoth, le rud éigin chun gach goile a shásamh.

Bíonn fáil ar na nithe seo a leanas ag an imeacht:

  • Cistin Taispeántais - tugann cócairí den scoth taispeántas cócaireachta ar a lá.    
  • Sráidbhaile Cultúir agus Ceirdeanna
  • Sráidbhaile Bia
  • Ceol agus damhsa ó ghrúpaí idirnáisiúnta agus áitiúla
  • Balúin agus dathú aghaidhe
  • Turais féintreoraithe in aisce ar Chaisleán Ráth Fearnáin
  • Feirm Pheataí Agri-Aware
  • Mobiloo, agus eile . . .