Coucnil Banner Image

Straitéis Náisiúnta Míchumais

Straitéis Náisiúnta Míchumais

Sheol an Rialtas an Straitéis Náisiúnta Míchumais (NDS) i mí Mheán Fómhair 2004 le bonn a chur faoi rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i Sochaí na hÉireann. Tá an straitéis tógtha ar bheartas agus ar reachtaíocht atá ann cheana, lena n-áirítear seirbhísí poiblí a mhórshruthú do dhaoine faoi mhíchumas.

Príomhghnéithe na Straitéise:

· An tAcht Míchumais 2005 (http://www.irishstatutebook.ie/eli/2005/act/14/enacted/)

· An tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007, a chumasaíonn Faisnéis do Shaoránaigh le seirbhís abhcóideachta a sholáthar do dhaoine ar mhíchumas. (http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2007/a207.pdf)

· Pleananna earnálacha ullmhaithe ag sé roinn Rialtais

· An tAcht Oideachais do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais (EPSEN) Act 2004 (http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2004/A3004.pdf)

· Clár infheistíochta ilbhliantúil de luach €900 milliún dírithe ar sheirbhísí ard-tosaíochta tacaíochta míchumais a bhí i bhfeidhm go dtí 2010.

Maidir leis an Acht Míchumais

Leagann an tAcht Míchumais 2005 riachtanais éagsúla ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus a Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, go háirithe:

· Éilíonn Alt 25 ar chomhlachtaí poiblí, a oiread is praiticiúil, go mbeadh a bhfoirgnimh phoiblí inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas ar dháta nach déanaí ná 2015;

· Éilíonn Alt 26 go gcinntíonn comhlachtaí poiblí, a oiread is indéanta agus is iomchuí, go mbeidh a seirbhísí poiblí mórshrutha inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas, agus cúnamh a chur ar fáil má iarrtar é, le hOifigí Rochtana ceaptha le socruithe a chomhordú.

· Éilíonn Alt 27 go mbeidh seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil inrochtain do dhaoine faoi mhíchumas, ach amháin mura mbeadh sé indéanta nó inchosanta ó thaobh costais nó dá mbeadh moill mhíréasúnta ann dá thoradh.

· Éilíonn Alt 28 go ndéanann comhlachtaí poiblí, a oiread is indéanta, cumarsáid i bhfoirmeacha inrochtana;

· Éilíonn Alt 29 go mbeidh suímh oidhreachta, a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, inrochtain, a oiread is indéanta, do dhaoine faoi mhíchumas;

· Sonraítear nósanna imeachta gearán agus fiosrúcháin in Ailt 38, 39 agus 40; agus

· Éilíonn Alt 47, a oiread is indéanta, go nglactar gach beart réasúnta le fostaíocht a chothú agus a thacú do dhaoine faoi mhíchumas ag comhlachtaí poiblí.

Is féidir treoir chuimsitheach faoin Acht Míchumais a íoslódáil ón Roinn Comhionannais, Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí: http://www.justice.ie/en/JELR/Pages/Guide-to-Disability-Act-2005.

Is féidir an tAcht iomlán a rochtain agus a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo: http://www.oireachtas.ie/documents/bills28/acts/2005/a1405.pdf

Maidir leis na Pleananna Earnálacha

Ceann de phríomh-chomhchodanna na Straitéise Náisiúnta Míchumais, ó thaobh seirbhísí a sheachadadh do dhaoine faoi mhíchumas, is ea an fhoireann pleananna earnálacha atá le cur i gcleachtas ag sé Aire agus a Ranna Rialtais. Is iad na sé Roinn:

· Comhshaol, Pobail agus Rialtas Áitiúil

· Sláinte

· Coimirce Sóisialaí

· Iompar, Turasóireacht agus Spórt

· Cumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha

· Poist, Fiontraíocht agus Nuálaíochta