Environment Banner Image

Ceallraí agus Taisc-Cheallraí

Cadhnraí agus Taisc-cheallraí

Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (ceallraí agus taisc-cheallraí) i bhfeidhm ar an 30 Iúil 2014 agus leagann siad oibleagáidí ar dhaoine a bhíonn ag táirgeadh agus ag dáileadh cadhnraí agus taisc-cheallraí. Mura ndéantar iad a dhiúscairt i gceart, agus a sheoladh chuig gnáth-líonadh talún, is féidir le cadhnraí miotail throma contúirteacha mar chaidmiam, nicil agus luaidhe a scaoileadh isteach sa chomhshaol. Dá bhrí sin ní mór diúscairt cheart a dhéanamh orthu ionas nach dtarlóidh sé seo.

Oibleagáidí na Miondíoltóirí:

Tá sé d'oibleagáid ar gach miondíoltóir a dhíolann cadhnraí/taisc-cheallraí cadhnraí dramhaíola a ghlacadh ar ais ón bpobal saor in aisce. Is ar bhonn aon ar náid a dhéantar an glacadh ar ais (ní gá aon rud a cheannach). Ach níl dualgas ar mhiondíoltóir cadhnraí atá ag sileadh a ghlacadh ar ais.

Ní mór do gach miondíoltóir a dhíolann cadhnraí/taisc-cheallraí fógraí ábhartha faisnéise a thaispeáint. Déan tagairt do www.weee-enforcement.ie Ní féidir le miondíoltóirí WEEE a aistriú ach chuig bailitheoirí dramhaíola údaraithe, lena n-áirítear WEEE Ireland (scéim fhaofa comhlíonadh bailiúcháin, a chlúdaíonn limistéar feidhme Chomhairle Contae Átha Cliath Theas) nó chuig bailitheoir ceadaithe dramhaíola atá ag gníomhú thar ceann táirgeoir an chadhnra/taisc-cheallra.

Ní mór do gach miondíoltóir a dhíolann cadhnraí/taisc-cheallraí a chinntiú go mbíonn siad cláraithe go bliantúil lena n-údarás áitiúil (íoslódáil foirm iarratais ) nó leis na comhlachtaí faofa clárúcháin, WEEE Ireland http://www.weeeireland.ie/ nó ERP http://www.erp-recycling.ie/ . Ní gá do mhiondíoltóirí nach ndíolann ach cadhnraí iniompartha (i.e. AAA, AA, Cell C, Cell D, PP3 agus PP9) clárú áfach.

Ceanglaítear ar mhiondíoltóirí a dhíolann cadhnraí ngluaisteán nó tionsclaíocha agus nach bhfuil cláraithe cheana faoi na Rialacháin WEEE clárú lena n-údarás áitiúil agus táille bliantúil de €200 a íoc, nó clárú le  WEEE Ireland, a chlúdaíonn limistéar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.

Oibleagáidí na dTáirgeoirí

Tá sé riachtanach do gach táirgeoir cadhnraí/taisc-cheallraí clárú le Cuideachta Clárúcháin WEEE ag http://www.weeeregister.ie .

Faoi na Rialacháin, tá oibleagáid ar tháirgeoirí cadhnraí agus taisc-cheallraí aon ghlanchostais a eascraíonn as bainistíocht fhónta ar an gcomhshaol ar chadhnraí dramhaíola a chuirtear i dtaisce ag pointí bailiúcháin a mhaoiniú.

Baill den Phobal

Ní féidir le baill den phobal WEEE a dhiúscairt in araid tí. Féadfaidh siad a gcuid cadhnraí dramhaíola a thaisceadh ag pointí bailiúcháin in áitreabh na miondíoltóirí ceallraí uile má bhíonn na cadhnraí dramhaíola comhionann leis an gcineál atá ar díol san áitreabh. Is féidir cadhnraí agus taisc-cheallraí dramhaíola a thabhairt freisin chuig Ionad Conláiste Cathrach Bhaile an Mhóta.

Tabhair faoi deara: Níl sa leathanach seo ach treoir. Ní chuireann sé in iúl gur léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht atá ann agus ní ceart a bheith ag brath air dá réir. Molann Comhairle Contae Átha Cliath Theas duit na rialacháin a léamh ina iomláine.

Is féidir an reachtaíocht iomlán a íoslódáil ag

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/si/283/made/en/print