Coucnil Banner Image

Rochtain Treoracha Videos

Treoracha Físe Rochtana

Tugtar treoir fhoriomlán ar Rochtain i gContae Átha Cliath Theas sa bhfíseán thíos. Is ceann é de shraith de cheithre fhíseán atá déanta ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas chun aird a tharraingt ar an leibhéal inrochtaineachta atá bainte amach ar fud an chontae. Dírítear ar fheabhsúcháin ar fud an chontae sa cheithre fhíseán. Chomh maith leis an treoir rochtana iomlán seo, tá físeáin ann a mhíníonn an rochtain in Oifigí Cathrach Chluain Dolcáin, agus i gcraobhacha líonra Leabharlanna Contae Átha Cliath Theas. Tá súil againn go mbeidh an tsraith treoracha rochtana seo faisnéiseach agus úsáideach duit.

Tá teidil dhúnta sa seinnteoir físeán thuas a thugann leagan téacs den ghuthú atá ar an bhfíseán. Is féidir é seo a chur ar siúl agus as leis an gcnaipe teidil ar an bharra rialaithe an fhíseáin. Is féidir sos a chur leis an bhfíseán ag aon phointe nó an t-inneachar a fheiceáil ar scáileán iomlán más gá.

Má tá leagan difriúil ag teastáil uait is féidir leagain éagsúla a roghnú thíos. Tá formáidí éagsúla físe, formáidí fuaime amháin agus trascríobh téacs curtha ar fáil againn thíos.

Íoslódálacha Breise:

Is é an chéad cheann de shraith Treoracha Rochtana é seo, ina gcuirtear béim ar ghnéithe a chinntíonn rochtain chomhionann ar sheirbhísí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas do réimse leathan úsáideoirí a bhfuil cumais éagsúla acu. Ionaid pháirceála inrochtana, geataí uathoibríocha, Lúba Ionduchtaithe Minicíochta Fuaime (AFIL) ag deasca poiblí, tithíocht inoiriúnaithe, bogearraí speisialaithe ríomhaire agus comharthaíocht Braille agus tadhaill. Tá réimse leathan bearta curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas ionas go mbeadh an Contae inrochtain do chách.

Treoracha Rochtana Uile

 

Treoracha Rochtana Halla an Chontae

 

Treoracha Rochtana Físeáin, Cluain Dolcáin



 

Treoracha Rochtana, An Líonra Leabharlanna