Coucnil Banner Image

Dearadh Uilíoch

Dearadh Uilíoch

Is ionann an Dearadh Uilíoch agus dearadh agus comhdhéanamh timpeallachta ionas gur féidir le gach duine rochtain a fháil air, agus é a thuiscint agus a úsáid a mhéid is féidir, beag beann ar aois, méid, cumas nó míchumas.

Glacann Dearadh Uilíoch leis go mbíonn constaicí, feidhmiú laghdaithe, nó cineál éigin míchumais - sealadach nó buan - ag céim éigin dá shaol ag gach duine.

D'fhorbair grúpa oibre ailtirí, dearthóirí táirgí, innealtóirí agus taighdeoirí dearaidh comhshaoil, faoi stiúir Ronald Mace, nach maireann (Ceannródaí sa Dearadh, Ailtire a bhfuil cáil idirnáisiúnta air) in Ollscoil Stáit Carolina Thuaidh 7 bPrionsabal don Dearadh Uilíoch in 1997.

Prionsabal 1: Úsáid Chothrom:

Tá an dearadh úsáid agus indíolta le daoine le cumais éagsúla.

Prionsabal 2: Solúbthacht Úsáide

Cuimsítear réimse leathan roghanna agus cumais aonair sa dearadh.

Prionsabal 3: Úsáid Shimplí Iomasach

Tá úsáid an dearaidh éasca a thuiscint, beag beann ar thaithí, eolas, scileanna teanga, nó leibhéal airde reatha an úsáideora,

Prionsabal 4: Faisnéis Inbhraite

Cuireann an dearadh an fhaisnéis riachtanach in iúl go héifeachtach don úsáideoir, beag beann ar na dálaí timpeallacha nó ar chumais chéadfacha an úsáideora.

Prionsabal 5: Lamháltas Earráide

Íoslaghdaíonn an dearadh guaiseacha agus iarmhairtí dochracha ghníomhartha timpistiúla nó neamhbheartaithe.

Prionsabal 6: Dua fisiceach Íseal

Is féidir an dearadh a úsáid go héifeachtúil compordach le laghad tuirse.

Prionsabal 7: Méid agus Spás le hAghaidh Rochtana agus Úsáide

Cuirtear méid agus spás leordhóthanach ar fáil le teacht chuige, é a shroicheadh, a ionramháil agus a úsáid beag beann ar mhéid coirp, staidiúir nó soghluaisteacht.

Tá breis eolais ag: Centre for Universal Design