Coucnil Banner Image

Inrochtana Contae Átha Cliath Theas

Contae Inrochtana Átha Cliath Theas

Tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas tiomanta don rochtain agus don chomhionannas ó bunaíodh an Chomhairle in 1995. Ghlacamar le Dearbhú Barcelona i mí an Mheithimh 2002 agus tá an Dearbhú á chur i bhfeidhm go gníomhach againn ó shin i leith trí ghníomhartha agus tograí éagsúla rochtana.

Tacaíonn an Dearbhú den AE iomlán seo ceart daoine faoi mhíchumas ar chomhdheiseanna, ar chuimsitheacht agus ar imeascadh. Níl aon fheidhm dhlíthiúil aige, ach gabhann na húdaráis bhardasacha orthu féin réimse leathan gníomhartha a dhéanamh, agus mar gheall air sin is mór an gléas athraithe é. Tá sé caolchúiseach chomh maith, mar go bhfuil sé neamhbhagarthach go hiomlán, lean bearta fadréimseacha a ghlacadh. Mar shampla, thug cathair nó baile a ghlac leis faoi phlean a tháirgeadh leis an Dearbhú a fheidhmiú agus le struchtúir a bhunú le comhairliúchán leanúnach a dhéanamh le daoine faoi mhíchumas agus lena n-ionadaithe.

Cuireadh bonn níos treise faoinár dtiomantais faoin Dearbhú le hachtú reachtaíochta in Éirinn, a chumhdaigh cearta daoine faoi mhíchumas sa dlí. Achtaíodh an tAcht Míchumais in 2005 agus baineann cuid a trí den Acht go háirithe le hobair na n-údarás áitiúla. Rinne gach roinn sa Chomhairle forbairt ar phleananna oibre le forálacha an Achta a fheidhmiú agus tá cuid mhaith den obair seo déanta anois.

Ó 2008 i leith tá Comhairle Contae Átha Cliath Theas ina comhalta den Fhaireachlann Eorpach: Cathracha agus Bailte do Chách. Is fóram í an Fhaireachlann Eorpach ia cruthaíodh as Dearbhú Barcelona, le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do chathracha agus do bhaile leis an gcleachtas inrochtana is fearr a chomhroinnt.

Bhí na hoibreacha agus na tograí leitheadacha a rinne muid le 13 bliana anuas go háirithe dírithe go hiomlán ar na baic a chruthaíonn míchumas agus eisiamh a bhaint amach agus Contae Átha Cliath Theas le fíor-rochtain a chruthú.

www.accessdublin.ie

Tá naisc dhíreacha anseo chuig treoracha rochtana in ionaid Chomhairle Contae Átha Cliath Theas:

An Leabharlann Contae: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil sa Leabharlann Contae gliogáil anseo

Leabharlann Leamhcáin: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i Leabharlann Leamhcáin gliogáil anseo

Leabharlann Bhaile Uí Ruáin: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i Leabharlann Bhaile Uí Ruáin gliogáil anseo

Leabharlann Chaisleán Tí Motháin: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i Leabharlann Chaisleán Tí Motháin anseo

Leabharlann Chluain Dolcáin: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i Leabharlann Chluain Dolcáin gliogáil anseo

Foirgneamh Ealaíon an Chontae RuaRed: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i RuaRed gliogáil anseo

Staid Thamhlachta: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i Staid Thamhlachta gliogáil anseo

Amharclann na Cathrach: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil in Amharclann na Cathrach gliogáil anseo

Páirc Charbháin agus Campála Ghleann na Camóige: Le haghaidh sonraí den rochtain atá ar fáil i nGleann na Camóige gliogáil anseo

Tabhair faoi deara: Táirgeadh na treoracha seo trí Rochtain Átha Cliath, togra de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Comhairlí Contae Dhún Laoghaire/ Ráth Dúin, Fhinnghaill agus Átha Cliath Theas.