Environment Banner Image

Treallamh WEEE

Trealamh WEEE

Rialacháin um Threalamh Leictreach agus Leictreonach Dramhaíola (WEEE)

Is reachtaíocht ar mhaithe le diúscairt nach ndéanfadh dochar don chomhshaoil a dhéanamh ar WEEE í treoir WEEE. Cuireann rialacháin na hÉireann an Treoir Eorpach nua maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach i bhfeidhm agus tá feidhm aige maidir le táirgeoirí (déantóirí agus allmhaireoirí) dáileoirí (miondíoltóirí) trealaimh leictrigh agus leictreonaigh.

Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach) 2014 (I.R. Uimh. 149 de 2014) i bhfeidhm ar an 29 Márta 2014.

Dualgais na Miondíoltóirí:

I gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach) 2014 ní mór do gach miondíoltóir a dháileann trealamh leictreach agus leictreonach a chinntiú go mbíonn siad cláraithe go bliantúil le ceann de na comhlachtaí faofa clárúcháin,

WEEE Ireland http://www.weeeireland.ie/

 

ERP http://www.erp-recycling.ie/

 

lena n-údarás áitiúil (foirm chlárúcháin)

Cé go bhfuil Treoir WEEE bunaithe den chuid is mó ar phrionsabal fhreagracht an táirgeora, tá forálacha sonracha sna rialacháin a bhaineann le miondíoltóirí. Tá táirgeoirí agus miondíoltóirí freagrach anois as bailiú, cóireáil, aisghabháil agus diúscairt WEEE a mhaoiniú.

Ní mór do gach miondíoltóir atá ag dáileadh trealamh leictreach agus leictreonach:

  • WEEE a ghlacadh ar ais saor in aisce ó chustaiméirí. Tá an glacadh ar ais ar bhonn ceann ar cheann agus ní mór don bhfearas atá á thabhairt ar ais ar bheith de chineáil cosúil leis an earra nua atá á cheannach nó an fheidhm chéanna a dhéanamh. Beidh ar stóir níos mó (> 400m2 achar urláir le haghaidh earraí leictreacha agus leictreonacha) WEEE a ghlacadh ar ais, ceann ar náid)
  • WEEE a bhailiú agus a stóráil. NÍ cheadaítear do mhiondíoltóirí suíomh conláiste cathrach a úsáid le haghaidh WEEE.
  • Ná haistrigh WEEE ach chuig bailitheoirí dramhaíola údaraithe, lena n-áirítear WEEE Ireland (scéim fhaofa comhlíonadh bailiúcháin, a chlúdaíonn limistéar feidhme Chomhairle Contae Átha Cliath Theas).
  • fógraí faisnéise ábhartha a thaispeáint. Déan tagairt do www.weee-enforcement.ie
  • Is féidir breis faisnéise a íoslódáil anseo http://www.epa.ie/pubs/advice/waste/weee/inforetailereeeandbatteries.html
Oibleagáidí na dTáirgeoirí (Déantúsóirí agus Iompórtálaithe):

I gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach) 2014 tá oibleagáid ar gach táirgeoir trealaimh leictreach agus leictreonach clárú le Cuideachta Cláraithe WEEE ag http://www.weeeregister.ie.

Baill den Phobal

Ní féidir le baill den phobal WEEE a dhiúscairt in araid tí. Féadfaidh siad a WEEE a thaisceadh saor in aisce ag miondíoltóir trealaimh leictreachais agus leictreonaigh ar bhonn ceann ar cheann agus caithfidh an fearas atá á thabhairt ar ais a bheith den chineál céanna nó an fheidhm chéanna a bheith aige leis an earra nua a atá á cheannach. Beidh ar stóir níos mó (> 400m2 achar urláir le haghaidh earraí leictreacha agus leictreonacha) WEEE a ghlacadh ar ais, ceann ar náid)

Is féidir WEEE a thabhairt saor in aisce chuig Ionad Conláiste Cathrach Bhaile an Mhóta freisin.

Tabhair faoi deara: Níl sa leathanach seo ach treoir. Ní chuireann sé in iúl gur léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht atá ann agus ní ceart a bheith ag brath air dá réir. Molann Comhairle Contae Átha Cliath Theas duit na rialacháin a léamh ina iomláine.

Is féidir an reachtaíocht iomlán a íoslódáil ag

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/si/149/made/en/print