Environment Banner Image

Na Rialacháin Dramhaíola

Rialacháin Dramhaíola

Pacáistiú

Tá dualgais ar fhormhór na ngnóthas déileáil le pacáistiú ar bhealach atá cineálta don chomhshaol mar a shainítear i Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistiú) 2014 (I.R. Uimh 282 de 2014)

Is ionann táirgeoir pacáistithe agus duine a dhéanann, a dhíolann nó a sholáthraíonn ábhar pacáistithe nó earraí pacáistithe do dhaoine eile i rith a ngnó.

Sonraí breise maidir le dualgais tháirgeoirí pacáistithe

Feithiclí a bhfuil a ré caite

Is ionann feithicil a bhfuil a ré caite (nó ELV) agus carr nó feithicil thráchtála éadrom atá le diúscairt ag an úinéir cláraithe (is é sin: carr nó veain beag atá le briseadh).

Ó 1 Eanáir 2007, ní mór d'úinéirí charranna agus veaineanna slána a bhfuil a ré caite na feithiclí sin a fhágáil ag saoráid chóireála leis an gcead nó an ceadúnas cuí (ATF).

Breis sonraí maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite

Ceadanna Dramhaíola

Ní mór d’aon duine ar mian leis dramhaíl a bhailiú, a aistriú a stóráil nó a chóireáil an Cead Dramhaíl ábhartha a fháil.

Ní mór dóibh siúd ar mian leo dramhaíl a bhailiú nó a aistriú Cead Bailithe Dramhaíola a fháil ón NWCPO (an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola).

Ní mór do dhuine ar bith ar mian leo dramhaíl a stóráil nó a chóireáil cead Saoráil Dramhaíola nó Teastas Clárúcháin a fháil ón Údarás Áitiúil nó ón EPA.

Faisnéis eile maidir le cineálacha ceadanna agus conas iad a fháil

Tobhach Málaí Plaisteacha:

Is muirear ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha é an Tobhach Comhshaoil ar Mhálaí Plaisteacha. Bíonn feidhm leis ag an bpointe díola i siopaí, in ollmhargaí, stáisiúin seirbhíse agus gach asraon díolacháin. Ní mór do mhiondíoltóirí costas iomlán an tobhaigh a chur ar aghaidh mar mhuirear ar chustaiméirí ag an gcuntar amach. Luaitear muirear an mhála siopadóireachta plaisteach mar mhír ar gach sonrasc, admháil nó duillín a eisítear do chustaiméirí.

Tuilleadh faisnéise faoi mhuirear na málaí plaisteacha

Cadhnraí agus Taiscbhatairí

Bíonn miotail throma i bhformhór na gcadhnraí agus na dtaiscbhatairí (mearcair, caidmiam, luaidhe) atá ina mbagairt don chomhshaol.  Mura ndéantar diúscairt cheart ar chadhnraí dramhaíola, is féidir le miotail throma sileadh astu agus an ithir agus an t-uisce a thruailliú, agus sláinte dhaonna a chur i mbaol.

Leagann an Treoir um Chadhnraí d'oibleagáid ar mhiondíoltóirí cabhrú le cadhnraí a bhailiú agus a athchúrsáil ar bhealach sábháilte.

Breis faisnéise maidir le hoibleagáidí i leith cadhnraí agus taiscbhatairí

Boinn agus Bonn-dhramhaíl

Ní áirítear boinn dhramhaíola mar dhramhaíl ghuaiseach agus is féidir leo an comhshaol a thruailliú mura ndéantar diúscairt cheart orthu. Leagann na Rialacháin um Bhainistiú Dramhaíola (Boinn agus Boinn Dhramhaíola) 2007 dualgais maidir le bainistiú sábháilte bonn ar tháirgeoirí/soláthraithe bonn, feirmeoirí a úsáideann boinn agus baill den phobal.

Breis faisnéise ar na dualgais maidir le boinn agus boinn dhramhaíola

Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach (WEEE)

Is reachtaíocht ar mhaithe le diúscairt nach ndéanfadh dochar don chomhshaoil a dhéanamh ar WEEE í treoir WEEE. Cuireann rialacháin na hÉireann an Treoir Eorpach nua maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach i bhfeidhm agus tá feidhm aige maidir le táirgeoirí (déantóirí agus allmhaireoirí) dáileoirí (miondíoltóirí) trealaimh leictrigh agus leictreonaigh.

Tháinig Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach) 2014 (I.R. Uimh. 149 de 2014) i bhfeidhm ar an 29 Márta 2014.

Tá táirgeoirí agus miondíoltóirí freagrach anois as bailiú, cóireáil, aisghabháil agus diúscairt WEEE a mhaoiniú.

Ciallaíonn sé go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí deiridh WEEE tí den sórt sin an dramhaíl sin a fhágáil ar ais gan tobhach, chuig asraonta miondíola agus iad ag ceannach earra athsholáthair nó chuig pointí bailiúcháin údaraithe eile, lena n-áirítear suímh chonláiste cathartha údaráis áitiúil.

Breis faisnéise faoi na dualgais maidir le Trealamh Dramhaíola Leictreach agus Leictreonach (WEEE)