Round-Tower-Centre-Banner-Image

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

Local Community Development Committee

Bunaíodh Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) in 2013 d'fhonn cur chuige comhleanúnach comhtháite i leith na forbartha áitiúla agus pobail sa Chontae a fhorbairt, a chomhordú agus a fheidhmiú. Tugann an CFPÁ comhaltaí agus oifigigh an údaráis áitiúil, ionadaithe ó ghníomhaireachtaí Stáit, an Chuideachta Forbartha Áitiúil agus an Líon Rannpháirtíochta Poiblí le chéile.

Tá 19 gcomhalta ar CFPÁ Átha Cliath Theas. An chomhaltacht reatha:

Comhaltacht CFPÁ

Ionadaíoch agus Earnáil

Príobháideach            

An Dr. Phil Mulvaney

Pobal

An tOll Mary P. Corcoran

Roinn na Socheolaíochta, OÉ Maigh Nuad

Folúntas

Pobal

Larry O’Neill

Comhpháirtíocht SDC

Folúntas

Comhlachas Bhaile Átha Cliath Theas

Justin Byrne

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 

Aiden Lloyd

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 

Tricia Nolan

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 

Gerry Stockil

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 

Maurice Walsh

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí 

Andy Leeson

Seirbhísí Óige

Poiblí 

An Clr Alan Hayes

Comhairleoir

An Clr Kieran Mahon

Comhairleoir

An Clr David McManus

Comhairleoir

Pádraig Rehill                         

Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte

Deirdre McKeon

Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

Marguerite Gallagher

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialta

Thomas Rooney

An Oifig Fiontair Áitiúil

Colm Ward

Comhairle Contae Átha Cliath Theas

Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail

Tar éis comhairliúchán leitheadach d'ullmhaigh an CFPÁ agus an Coiste Beartais Straitéiseach Forbartha Eacnamaíochta Plean Eacnamaíochta agus Pobail Áitiúil 6 bliana in  2015.  Clúdaíonn an Plean an tréimhse 2016-2021. Tá cóip den phlean, lena n-áirítear an plean gníomhaíochta do 2016 ar fáil anseo.

SICAP (Plean Cuimsiú agus Gníomhachtú Sóisialta)

Cuireann an Plean Cuimsiú agus Gníomhachtú Sóisialta (SICAP) 2018-2022 maoiniú ar fáil le dul i ngleic le bochtaineacht agus le heisiamh sóisialta trí rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí san earnáil phoiblí.

Tá sé á riaradh ag Pobal agus á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus faigheann sé maoiniú freisin ó Chiste Sóisialta na hEorpa faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama (PEIL) 2014-2020.

Pléann SICAP le leibhéil arda díothachta le cur chuige spriocdhírithe nuálach, atá faoi stiúir áitiúil. Tugann sé tacaíocht do phobail agus daoine aonair faoi mhíbhuntáiste lena n-áirítear daoine dífhostaithe, daoine atá ina gcónaí i gceantair dhíothacha, daoine faoi mhíchumas, teaghlaigh aontuismitheora, daoine ar ioncam íseal, baill den phobal Taistealaithe agus Romach agus grúpaí eile faoi mhíbhuntáiste.

Déanann 33 CFPÁ bainistiú go háitiúil ar an gclár, le tacaíocht na n-údarás áitiúil, agus déanann Feidhmithe Cláir na gníomhartha a sheachadadh.

Oibríonn Feidhmithe Cláir le pobail imeallaithe agus le soláthraithe seirbhísí le cur chuige forbartha pobail le saol na ndaoine a fheabhsú. Mar shampla, cabhrú le daoine obair nó scileanna nua a fháil, oiliúint CV nó cúrsa forbartha pearsanta a chur ar fáil, cabhrú leo dul ar chlár socrúchán oibre ar nós CE nó Tús.

Is é an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil atá freagrach as conarthaí SICAP a bhronnadh trí chomórtas. Ceapadh Comhpháirtíocht Chontae Átha Cliath Theas (Comhpháirtíocht SDC) chun conradh 2018-2022 a reáchtáil.

Tá eolas faoi obair SICAP ar fáil ag:

Tá an Clár Cuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) 2018-2022 á mhaoiniú ag Rialtas na hÉireann tríd an Roinn Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus á chomh-mhaoiniú ag an gCiste Sóisialta Eorpach faoin gClár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020.