Coucnil Banner Image

JAM Card

JAM Card

Cad é an JAM Card agus cé dó a bhfuil sé?

LeJAM Card is féidir le daoine a bhfuil bacainn chumarsáide acu a chur in iúl do dhaoine go discréideach agus go héasca go bhfuil 'nóiméad amháin' de dhíth orthu.

Is fiontar sóisialta é an Grúpa NOW a chabhraíonn le daoine a bhfuil deacrachtaí sóisialta agus uathachas acu postanna le deiseanna a fháil, agus chruthaigh siad an cárta JAM Card© nuair a chuir úsáideoirí a gcuid seirbhísí in iúl gur mhaith leo bealach le cur in iúl do dhaoine go bhfuil beagán ama nó foighne ag teastáil uathu.

Tá breis eolais faoin ngrúpa NOW Group ar fáil ag www.nowgroup.org agus JAM Card© ag www.jamcard.org

Tá trí rogha teachtaireachta ann:

  1. Bí foighneach le do thoil, tá uathachas orm
  2. Bí foighneach le do thoil, tá míchumas/deacracht foghlama agam
  3. Bí foighneach le do thoil, tá riocht agam

Dóibh siúd a bhfuil deacracht foghlama, uathachas nó aon riocht eile acu a chruthódh bacainn cumarsáide dóibh, ceadaíonn an JAM Card do na húsáideoirí a chur in iúl do dhaoine eile, ar bhealach simplí, éifeachtach gan focail, go mb'fhéidir go mbeadh beagán ama breise uathu. Tá an cárta 'JAM Card' úsáid sa chóras iompar poiblí, i siopaí nó in aon áit eile ina mbuailtear le custaiméirí.

Cá bhfaighinn ceann?

Is féidir JAM Card a fháil ar bhealaí éagsúla.

Tá na cártaí JAM Card ar fáil le bailiú ó na háiseanna seo a leanas de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas:

Halla an Chontae , Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, D24 A3XC

Oifigí Cathrach Chluain Dolcáin, Bóthar an Naoú Loc, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22

Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas:

  1. An Leabharlann Contae, Cearnóg na Leabharlainne, Tamhlacht, Baile Átha Cliath D24 A3EX
  2. Leabharlann Chluain Dolcáin, Bóthar na Mainistreach, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath D22 XPO3
  3. Leabharlann Leamhcáin, Ionad Siopadóireachta Leamhcán, Bóthar an Chaisleáin Nua, Leamhcán, Baile Átha Cliath K78 V295
  4. Leabharlann Chluain Dolcáin Thuaidh, 1 Clós Lios an Chairn, Rualach, Baile Átha Cliath, D22 E2Y2
  5. Leabharlann Bhaile Uí Ruáin , Ascaill Bhaile an Úlloird Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath D14 VY33
  6. An Mol Digiteach, Leabharlann Bhaile Phámar, Aonad 11 / 12, Ionad Siopadóireachta Bhaile Phámair. Bóthar Kennelsfort, Baile Phámar, Baile Átha Cliath D20 VH60
  7. Ceanncheathrú na Leabharlanna, Aonad 1, Ollionad Tionscail na Cearnóige, Tamhlacht, Baile Átha Cliath D24 YXW3
  8. Leabharlanna Taistil, Teil: 01 459 7834 nó ríomhphost mobiles@sdublincoco.ie

Is féidir ceann a iarraidh go díreach freisin ó Ghrúpa Now ar shuíomh gréasáin an JAM Card agus foirm iarratais a chomhlánú.

Nó más fearr leat gan cárta fisiceach a úsáid tá aip JAM Card ar fáil le haghaidh  Android agus iOS. Ceadaíonn an aip duit do theachtaireacht a roghnú, léirmheasanna a fhágáil agus gnónna eile atá báúil le JAM a aimsiú.

    

Tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Selina Bonnie, Oifigeach Idirghabhála, Rochtana agus Comhionannais na Comhairle má tá aon cheist agat maidir le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas agus an JAM Card, nó aon cheist eile maidir le rochtain agus comhionannas.

Sonraí teagmhála Selina:

Ríomhphost: sbonnie@sdublincoco.ie Teileafón: 01 414 9000 Folíne. 9041 Líne dhíreach: 01 414 9041 Facs: 01 414 9203 Fón póca / Téacs: 087 270 8918

 We-welcome-JAM-Card-holders---Irish-version-202110241024_1