Coucnil Banner Image

Teacht ar Eolas

Rochtain ar Fhaisnéis

Tá Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas tiomanta d'fhaisnéis a chur ar fáil don phobal trí fhoilseacháin, tuarascáil bhliantúil, miontuairiscí chruinnithe na Comhairle srl. Cuirtear faisnéis ar fáil freisin trí Reachtaíocht Pleanála agus Comhshaoil.

Tá Scéim Foilseacháin cruthaithe ag an gComhairle faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 Scéim Foilseacháin | Comhairle Contae Átha Cliath Theas ina n-áirítear faisnéis ghinearálta faoin gComhairle, faisnéis faoi na feidhmeanna agus na scéimeanna a chuirtear ar fáil, faisnéis faoi nósanna imeachta cinnteoireachta, faisnéis airgeadais, faisnéis soláthair agus faisnéis ilghnéitheach eile.

Is mian le Comhairle Contae Átha Cliath Theas forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an Chontae a chur chun cinn agus trí sin cur go mór le cáilíocht beatha mhuintir Chontae Átha Cliath Theas a fheabhsú.

Tá seachadadh seirbhísí d'ardchaighdeán atá oiriúnaithe le freastal ar riachtanas ár gcustaiméirí go léir, fós ar cheann de chroí-chuspóirí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus tá sé san áireamh inár bPlean Corparáideach. Cuimsíonn an tseirbhís ardchaighdeáin seo ní amháin leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse a thugtar dár gcustaiméirí ach cáilíocht ár bpróiseas cinnteoireachta, éifeachtacht agus éifeachtúlacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár saoráidí agus ár gcumas oiriúnaithe i dtimpeallacht atá ag síorathrú.

D'fhonn an raon seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar le freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnólachtaí Chontae Átha Cliath Theas, beidh orainn cineálacha áirithe faisnéise faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís atá á hiarraidh nó á soláthar, féadfaidh 'sonraí pearsanta' mar atá sainmhínithe ag na hAchtanna maidir le Cosaint Sonraí agus ag an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS) a bheith san áireamh agus baint a bheith acu le húsáideoirí na seirbhísí san aimsir láithreach, san am atá caite agus sa todhchaí; iarfhostaithe, fostaithe reatha, agus fostaithe ionchasacha; soláthraithe; agus baill den phobal a bheadh i gcumarsáid lenár bhfoireann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar bhaill foirne, ó am go ham, cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtacha a chomhlíonadh.

· Saoráil Faisnéise

· Scéim Fhoilsitheoireachta

· Cosaint Sonraí

· Faisnéis faoin Chomhshaol

· Athúsáid Sonraí na hEarnála Poiblí