Round-Tower-Centre-Banner-Image

Comhchoiste Póilíneachta

Comhchoiste Póilíneachta

Comhchoiste Póilíneachta.

Déanann Acht an Gharda Síochána 2005 (Alt 36) foráil le comhchoiste póilíneachta a bhunú (CCP) i ngach údarás áitiúil. Is é cuspóir na gcoistí seo fóram a sholáthar inar féidir le húdarás áitiúil agus Oifigigh shinsearacha Garda atá freagrach as póilíneacht an cheantair sin dul i gcomhairle, plé agus moltaí a dhéanamh ar ábhair phóilíneachta sa cheantar sin.

Feidhmeanna

"Is í feidhm an chomhchoiste póilíneachta freastal mar fhóram comhairliúcháin, plé, agus moltaí ar ábhair a bhaineann le póilíneacht limistéar riarachán údaráis áitiúil, agus go háirithe -

  1. athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar
    1. leibhéil agus patrúin coiriúlachta, ainriail agus iompraíocht fhrithshóisialta sa limistéar sin (lena n-áirítear patrúin agus leibhéil mhí-úsáide alcóil agus dhrugaí), agus
    2. Na cúinsí is bunchúis agus a chuireann le leibhéil na coireachta, na hainrialach agus na hiompraíochta frithshóisialta sa limistéar;
  2. comhairle a chur ar an údarás áitiúil atá i gceist agus ar an nGarda Síochána faoin gcaoi is fearr is féidir leo a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh maidir leis an ngá atá le gach rud atá indéanta a dhéanamh le sábháilteacht agus cáilíocht na beatha a fheabhsú agus coiriúlacht, ainriail agus iompraíocht fhrithshóisialta sa limistéar a chosc,
  3. cruinnithe poiblí a eagrú agus a óstáil maidir le hábhair a mbíonn tionchar acu ar phóilíneacht limistéar riaracháin an údaráis áitiúil,
  4. Fó́raim phóilíneachta áitiúla a bhunú́, i gcomhar le ceannfort áitiúil an Gharda, de réir mar a cheapann an coiste sin a bheith riachtanach laistigh de limistéar chomharsanachtaí́ ́áirithe, le plé agus moltaí a dhéanamh do na coistí ar cheisteanna a bheadh le coimeád faoi athbhreithniú faoi alt (a) nó a bhfuiltear le comhairle a chur air faoi alt (b), chomh fada agus a bhaineann na ceisteanna sin lena gcomharsanacht; agus
  5. gníomhaíochtaí na bhfóram áitiúla póilíneachta a chomhordú faoi alt (d) nó eile."

I measc na nithe atá le breithniú ag an gcoiste agus ag an bhfochoiste d’fhéadfadh trácht, loitiméireacht, iompraíocht fhrithshóisialta, ól faoi aois, trádáil ócáideach, bruscar, pleanáil d’imeachtaí a mheallann sluaite móra, tionscnaimh phobalbhunaithe um chosc ar choireacht, pleananna póilíneachta bliantúla Rannáin agus Dúiche an Gharda Síochána agus tograí údaráis áitiúil.

Treoirlínte Coistí Comhphóilíneachta na Roinne Dlí agus Cirt

Plean Straitéiseach CCP

D'aontaigh an CCP Plean Straitéiseach Chontae Átha Cliath Theas 2016-2022 ar an 24 Samhain 2017

Tuarascálacha Bliantúla

Cuireann an CCP Tuarascáil Bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí ar fáil gach bliain.