Round-Tower-Centre-Banner-Image

European Action Week Against Racism

An tSeachtain Ghníomhaíochta Eorpach in aghaidh an Chiníochais

An tSeachtain Ghníomhaíochta Eorpach in aghaidh an Chiníochais

Ó bhlianta tosaigh na 1990aidí, déanann UNITED comhordú gach bliain, timpeall an 21 Márta, ar an tSeachtain Ghníomhaíochta in Aghaidh an Chiníochais ar fud na hEorpa.  Eagraíonn gníomhaithe, Eagraíochtaí Neamhrialtais, ollscoileanna, scoileanna, bardais agus eagraíochtaí éagsúla eile na céadta gníomhaíochtaí ar fud na hEorpa go léir d'fhonn deireadh a chur le ciníochas, idirdhealú agus éadulaingt.

Mar chomóradh ar an tSeachtain Eorpach in Aghaidh an Chiníochais, eagraíonn an tAonad um Chuimsiú Sóisialta, Roinn na Seirbhísí Pobail, Comhairle Contae Átha Cliath Theas comórtas ealaíon do leanaí agus aosaigh a bhfuil sé d'aidhm aige cur in aghaidh an chiníochais, an ilghnéitheacht a cheiliúradh agus cuimsiú sóisialta na ndaoine a chónaíonn in Éirinn inniu a chur chun cinn.

Trína rannpháirtíocht sa chomórtas tá súil ag Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas feasacht i dtaobh an tSeachtain Eorpach in Aghaidh an Chiníochais a chruthú agus ardán a thabhairt do leanaí agus aosaigh le plé a dhéanamh ar bhrí an chiníochais dóibh féin. Fógraítear an comórtas ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus ar na meáin shóisialta gach bliain timpeall mí Eanáir.