Round-Tower-Centre-Banner-Image

Community Gardens

Gairdíní Pobail

Gairdíní Pobail

Cruthaíodh dhá Ghairdín Pobail le spás a sholáthar do dhaoine atá i mbaol eisiaimh, fócas ar leith ag gach ceann acu ar dhaoine le míchumais agus daoine atá dífhostaithe le fada. Is grúpa leochaileach iad atá i mbaol mór ó thaobh sláinte. Is uirlis choisctheach í an Teiripe Gairneoireachta agus tá sochair chruthaithe inti d'fholláine fhisiceach, meabhrach agus mothúchánach a eascraíonn as próiseas leighis nó teiripeach na garraíodóireachta

Cuireann an gairdín deiseanna ar fáil do dhaoine atá i mbaol eisiaimh; ionad sóisialta, eispéiris nua foghlama, gníomhaíocht choirp, meabhairshláinte a chosaint, díograis agus féinmheas a chothú.

Tá buntáistí móra sláinte le baint as do chuid glasraí féin a fhás agus a chócaráil, tionscadal a thosú agus a chríochnú, obair foirne, daoine eile a chothú agus tacú leo. Tugann sé spás do dhaoine a gcumais a mheabhrú agus scileanna nua a fhorbairt. Tá na gairdíní i bPáirc Sheáin Bhreathnaigh Tamhlacht. Tá siad slán agus inrochtana go héasca do na grúpaí atá rannpháirteach. Cuirtear fáilte i gcónaí roimh bhaill nua agus cothaítear a spéis le ceardlanna rialta i scileanna garraíodóireachta agus i gceisteanna comhshaoil. Dheonaigh garraíodóirí oilte áitiúla a gcuid ama chun a gcuid eolais a roinnt leis na grúpaí agus bhí ról mór ag na gairdíní i nasc láidir pobail a thógáil sna ceantair ina bhfeidhmíonn siad.

Tá fáilte roimh bhaill nua.

Más mian leat a bheith i do bhall tá sonraí breise le fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Aonad um Chuimsiú Sóisialta ag 01 414 9270 nó ar ríomhphost: socialinclusionunit@sdublincoco.ie