Coucnil Banner Image

Míchumais Idirchaidreamh / Rochtain

Teagmháil - Rochtain Míchumais

Rochtain Míchumais

Is í Selina Bonnie Oifigeach Teagmhála/Rochtana agus Comhionannais Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Selina le cabhrú leat rochtain a fháil ar sheirbhísí an Chontae trí:

· ateangaire comharthaíochta nó tacaíocht rochtana oiriúnach eile a eagrú,

· teagmháil a dhéanamh le foireann le comhairle ar do shon,

· faisnéis a sholáthar duit ar bhealach inrochtana

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Selina freisin le cabhrú leat aon deacrachtaí rochtana a chastar ort agus tú ag gluaiseacht tríd an Contae a thuairisciú.

Teagmháil Míchumais

Chomh maith le tacú le baill den phobal rochtain a fháil ar na seirbhísí atá curtha ar fáil ag an gComhairle, tá Oifigeach Teagmhála/Rochtana agus Comhionannais ann mar acmhainn:

· le tacú le bainisteoirí líne riachtanais lucht foirne faoi mhíchumas a áisiú agus freastal orthu,

· ionadaíocht a dhéanamh go díreach thar ceann bhaill foirne le míchumais, maidir lena riachtanais chóireála.

Tugann sí tacaíocht chomh maith don Roinn Acmhainní Daonna maidir le freagairt ar iarratais taithí oibre m.sh. daoine a nascadh le poist oiriúnacha oibre, nó bualadh le hiarrthóirí aonair lena riachtanais a phlé. Tá sé de pholasaí ag an gComhairle a chinntiú go mbíonn gach taithí oibre bríoch don roinn agus don iarrthóir araon. Tugtar neart ama mar sin le plé a dhéanamh sula ndéantar socrúcháin.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Teagmhála /Rochtana agus Comhionannais ag:

An Roinn Seirbhísí Corparáideacha, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24

Teil: (01) 414 9041

Ríomhphost: sbonnie@sdublincoco.ie

Skype: selina.bonnie ooVoo: accessiblesouthdublin

facebook: https://www.facebook.com/pages/Accessible-South-Dublin/117243851628034