Coucnil Banner Image

Prótacal an Mhéara

Prótacal an Mhéara

Treoirlínte agus Socruithe do Mhéara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas/Mayor of South Dublin County Council

Tá na socruithe agus an prótacal cuí nuair atáthar ag scríobh chuig nó ag fáiltiú roimh Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas leagtha amach sna treoirlínte thíos.

Is é an Méara príomhshaoránach Chomhairle Contae Átha Cliath Theas agus níl sé sa dara háit ach i leith Uachtarán na hÉireann in Átha Cliath Theas. Bíonn an chéim is airde sa chontae ag an Méara ag gach ócáid agus imeacht oifigiúil.

Cé nach luaitear ach an Méara den chuid is mó, tá feidhm leis na treoirlínte seo maidir leis an Leas-Mhéara nuair is cuí. Baineann an teideal Méara le fear nó bean.

Nuair a scríobhtar chuig an Méara, is cóir beannú dó/di mar seo? Méara Chomhairle Contae Átha Cliath Theas (ainm) agus cáilíochtaí eile. Nuair a chuirtear an Méara i láthair i gcaint luaitear é/í mar "Méara Chontae Átha Cliath Theas" nó "An Méara, An Comhairleoir (ainm)

An Ócáid

Roimhe

· Le haghaidh imeachtaí nó cruinnithe de chineál ar bith, is ceart don Mhéara, liosta de na daoine a bheidh i láthair a fháil tamall maith roimh ré, mar shampla, An tUachtarán, an Taoiseach agus daoine mór le rá eile.

· Is ceart don Mhéara comhairleoir ionadaíoch a cheapadh mura bhfuil sé/sí féin in ann a bheith i láthair

· Tiocfaidh an Méara i gcarr de ghnáth agus is ceart don óstach ionad páirceála oiriúnach a chur in áirithe roimh ré.

· Is ceart ainm an óstaigh agus/nó a (h)ionadaí a chur ar fáil d'Oifig an Mhéara roimh ré.

Má tá óráidí le déanamh, tugtar tús áite don Mhéara nuair atá an chéad aitheasc á chur i láthair. Má tá an Méara le labhairt, iarrtar air/uirthi labhairt ag an tús nó an deireadh, ci

Má tá preas-eisiúint á chur amach ag an eagraíocht óstach, is ceart cóip a chur roimh ré chuig oifig an Mhéara. Beidh áthas ar an Méara athfhriotal a chur ar fáil le cur sa Phreas-eisiúint - déan teagmháil le hOifig an Mhéara.

Teacht i Láthair

Is ceart don Óstach nó dá ionadaí fáilte a chur roimh an Méara ag an mbealach isteach

Ar theacht i láthair is ceart don Óstach nó dá ionadaí an méara a thionlacan chuig an imeacht nó an ócáid agus é/í a chur i láthair do na daoine a bhaineann leis an imeacht.

Le linn

Is ceart don óstach, nó dá (h)ionadaí an Méara a thionlacan i gcónaí agus a chur in aithne, agus é/í a threorú chuig rostram na gcainteoirí má tá aitheasc le déanamh.

Má tá suíocháin le húsáid, is ceart an Méara a shuí de réir a phoist mar Phríomhshaoránach an Chontae.

Conclúid

Ag conclúid na hócáide, is ceart don óstach nó dá (h)ionadaí an Méara a thionlacan go dtí a c(h)arr.

Is ceart fiosruithe eile maidir leis na treoirlínte seo nó socruithe gaolmhara eile a dhéanamh leis an bhfoireann in Oifig an Mhéara, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Halla an Chontae, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24. Teileafón 01 414 9031.

Ríomhphost: mayor@sdublincoco.ie
www.southdublin.ie