Round-Tower-Centre-Banner-Image

Tionscnaimh

Scéim Aláram Deataigh Pobail

Scéim Aláram Deataigh Pobail

Tá aláraim deataigh á gcur ar fáil saor in aisce ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas do áitritheoirí soghonta agus scothaosta sa chontae. Tá an togra seo á mhaoiniú ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Cuireann CCÁCT fáilte roimh iarratais ó dhaoine soghonta/scothaosta atá ina gcónaí i gceantar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Níl an scéim ar fáil do thionóntaí Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.  Measfar iarratais ar bhonn gach duine ar a sheal. Suiteáiltear aláram le cadhnraí deich mbliana agus ní gá iad a cheangal leis an bpríomhshruth leictreachais.

Tá an scéim seo dúnta le haghaidh 2017 anois  agus ní ghlacfar le haon iarratas eile.  Má bhíonn an scéim ann arís in 2018 déanfar í a fhógairt ar ár suíomh gréasáin agus sna nuachtáin