Coucnil Banner Image

Inrochtaine Uilíoch le Jobot

“Jobot”: Rochtain Chuile Áit

Is cuid de thiomantas Chomhairle Contae Átha Cliath Theas i leith rochtain agus soláthar seirbhíse do dhaoine faoi mhíchumas “Cumasú Rochtana – Ag Cinntiú Comhionannas Deiseanna”, an cluiche feasachta rochtana Jobot’s Access All Areas.

Rachaidh JOBOT ar cuairt ar fhoirgneamh oidhreachta inniu. Tá sé ann le hobair fheabhsúcháin a dhéanamh agus tá do chabhair de dhíth air le cinntiú go mbeidh na príomhlimistéir inrochtana do chách - é féin san áireamh - is róbat beag gearr é le fráma boscúil a théann thart ar rothaí teainc.

Nuair a thagann Jobot chuig an bealach isteach chuig an fhoirgneamh oidhreachta: an ceantar fáiltithe, na saoráidí leithris agus an chistin, faigheann sé amach nach bhfuil sé éasca dul timpeall ar na rothaí teainc. Is gá dó dul isteach agus teastaíonn do chabhair uaidh leis an mbealach is fearr le háiseanna inrochtana a chur ar fáil do chách a roghnú.

Tá stíl nua-aimseartha 'funcaí' ag an gcluiche a chuireann béim ar na gnéithe a chinntíonn rochtain chomhionann do réimse leathan úsáideoirí le cumais éagsúla. Ionaid pháirceála inrochtana, geataí uathoibríocha, Lúba Ionduchtaithe Minicíochta Fuaime (AFIL) ag deasca poiblí, cistineacha in-oiriúnaithe agus comharthaíocht Braille agus tadhaill. Tugann na ceithre hionad: páirceáil, fáilte, leithreas agus cistin deis don úsáideoir le ceithre phointe idirghníomhacha réitigh ar fhadhbanna coitianta rochtana a fhiosrú.

Is é Jobot óstach an chluiche (de ghnáth lena ghuth) agus is léiriú físiúil a chruth boscúil rothach ar chineál amháin de na laguithe a bhíonn ar dhaoine faoi mhíchumas. Le réamhrá agus tráchtaireacht ó Jobot,

· spreagann an cluiche úsáideoirí leis na deacrachtaí praiticiúla a bhíonn ag a lán daoine le riachtanais éagsúla rochtana a mheas;

· cuireann sé oideachas ar dhaoine faoi na réitigh shimplí atá ar fáil; agus

· spreagann sé úsáideoirí le tuiscint conas is féidir leis na réitigh seo a dtimpeallacht féin a fheabhsú.

Tá forálacha an Achta um Mhíchumais 2005 á gcur i bhfeidhm go leanúnach ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas trí thimpeallacht a chruthú a bhfuil an rochtain uilíoch mar bhonn di. Táimid ag tnúth le leanúint ar aghaidh ag obair, i gcomhar lenár saoránaigh, lenár gcustaiméirí agus leis na gníomhaireachtaí iomadúla atá ag obair leis an gComhairle, lenár bhfís a bhaint amach, comhionannas deiseanna agus

torthaí do dhaoine faoi mhíchumas i gContae Átha Cliath Theas, agus na baic a chruthaíonn míchumas agus eisiamh a bhaint amach. Le ‘Jobot’s Access All Areas’, a imirt, gliogáil anseo

Tá an cluiche ar fáil i bhformáid éagsúla. Tá an t-inneachar ar fáil mar cháipéisí inrochtana téacs, agus tá teidil dhúnta i scáileán an chluiche. Tá an cur chuige seo chun an t-ábhar a thairiscint i bhformáidí éagsúla ag teacht le treoirlínte an Údaráis Náisiúnta Míchumais maidir le hábhar ilmheán a sheachadadh.