Coucnil Banner Image

Leideanna agus Leideanna Agallaimh

Noda agus Moltaí le haghaidh Agallaimh

Déan an obair bhaile - bíodh aithne agat ar an bpost/eagraíocht

Bí cinnte go bhfuil an post/eagraíocht seo oiriúnach duit. Léigh Cáilíochtaí agus Sonraí an Phoist go cúramach sula ndéanann tú iarratas ar an bpost mar go bhféadfadh sé am agus costas a spáráil duit ó thaobh freastal ar agallamh.

Tá foirmeacha iarratais ann ar chúis mhaith: is mar seo a chuireann tú tú féin i láthair an Bhoird Agallaimh ar dtús. Deis atá ann le margaíocht a dhéanamh ort féin. Scríobh go soiléir soléite, nó níos fearr ná sin, clóscríobh isteach sa bhfoirm iarratais. Bí críochnúil agus an 'Sainchuntas Poist' á chomhlánú agat. Is mian leat imprisean maith a dhéanamh ach seachain caint san aer mar is féidir breith amuigh ort san agallamh.

Dírigh ar na príomhscileanna a bheidh de dhíth ort sa phost agus cuir béim orthu seo agus an fhoirm iarratais á comhlánú agat.

Ullmhaigh go maith

· Gabh chuig an suíomh gréasáin le heolas a fháil faoin eagraíocht.

· Cuir aithne ar oibriú na heagraíochta.

· Léigh na cáipéisí is tábhachtaí - na Tuarascálacha Bliantúla, na Pleananna Corparáideacha, Buiséid Bhliantúla, Plean Forbartha an Chontae agus straitéisí agus cáipéisí tábhachtacha eile a bhaineann leis an eagraíocht. Úsáid áis chuardaigh an idirlín le teacht orthu seo.

· Coinnigh súil ghéar ar na meáin náisiúnta agus áitiúla le haghaidh aon alt ábhartha.

· Más féidir, déan teagmháil le duine de do lucht aitheantais atá ag obair san eagraíocht le heolas a fháil i dtaobh forbairtí.

· Pleanáil do thuras - fiú bain triail as roimh ré. Déan cinnte go bhfuil treoracha cruinne agat agus go bhfuil am agus ionad an agallaimh ar eolas i gceart agat. Má chuirtear moill ort déan teagmháil le hAcmhainní Daonna (AD) le cur in iúl dóibh. Déan cinnte freisin gur féidir teagmháil a dhéanamh leat.

· Nuair a dhéanann tú ullmhúchán maith trí thaighde cuireann sé tiomantas agus spéis sa phost agus san eagraíocht in iúl.

Ullmhaigh Samplaí

· Bíodh samplaí (dhá cheann ar a laghad) agat d'uair ar léirigh tú seiftiúlacht/ceannaireacht/scileanna/cúram custaiméirí agus mar sin de. Déan ceangail idir na samplaí agus an taithí oibre atá imlínithe i d'fhoirm iarratais.

· Cleachtaigh do chuid samplaí: - B'fhéidir go bhfuil cuma amaideach air seo, ach déan cleachtadh os ard/os comhair scátháin, cabhróidh sé leat tú féin a chloisteáil.

· Is ceart duit tú féin a chur in ionad an agallóra agus liosta ceisteanna a mbeidh tú ag súil leo a ullmhú agus iad a fhreagairt. Cleachtaigh iad - arís agus arís eile.

· Líonfar le muinín tú agus tú ag ullmhú go maith agus beidh sé seo soiléir le linn an agallaimh.

· Ná déan dearmad gur tusa an duine is tábhachtaí ag an agallamh. Amharc ar do thaithí oibre agus cuir béim ar na gnóthachtálacha. Déan cinnte go mbíonn tú in ann caint faoi na tréithe is fearr atá agat trí thagairt do shamplaí.

Meabhraigh na nithe seo a leanas:

· Gléas tú féin go slachtmhar gairmiúil - is cuid den chur i láthair dearfach é seo

· Déan teagmháil súl go rialta le gach Ball den Bhord Agallaimh

· Labhair go mall, muiníneach, soiléir. Smaoinigh sula dtugann tú freagra - ná bíodh eagla ort soiléiriú a iarraidh mura dtuigeann tú ceist – is fearr é sin ná freagra atá go hiomlán mícheart a thabhairt.

· Dírigh ar na príomhphointí a theastaíonn uait a dhéanamh a chur in iúl i do fhreagra. Seachain freagraí fada casta. Úsáid fíorshamplaí i do chuid freagraí nuair is féidir.

· Ná bí ag filleadh na lámha nó ná bí giodamach más féidir leat mar go gcuireann sé sin isteach ar do chuid cainte agus go dtarraingíonn sé aird ón méid atá á rá agat.

· Ná clúdaigh do bhéal agus tú ag caint.

· Déan iarracht ceisteanna a chur a léiríonn spéis san eagraíocht.

· Seachain freagraí ar nós 'tá' nó 'níl' - freagair le habairt iomlán.

· Má thagann constaic iomlán ort san agallamh, ná bíodh scaoll ort. Glac braon uisce le deis a thabhairt duit teacht chugat féin.

· Tuigeann an bord agallaimh go bhfuil sé nádúrtha a bheith neirbhíseach agus cuirfear é sin san áireamh.

· Ná lochtaigh fostóirí a bhí nó atá agat le linn an agallaimh.

· Ná dearmad d'fhón póca a chur as.

· Ná pléigh téarmaí agus coinníollacha leis an mBord.

Tar éis an agallaimh

· Is fiú machnamh ar conas a d’éirigh leat san agallamh agus aon áit a raibh d'fheidhmíocht lochtach dar leat a aithint. Is féidir leis seo cabhrú leat díriú ar do laigí don chéad uair eile, mar shampla labhairt go róthapa, gan freagraí ábhartha a thabhairt agus mar sin de.

· Iarr marcanna agus aiseolas ón agallamh i gcónaí.

Breis Eolais

· Tá breis eolais ghinearálta agus comhairle ar fáil maidir le hUllmhú le haghaidh Agallaimh ar publicjobs.ie